Peileadóirí Dhún na nGall gan bainisteoir agus Paddy Carr éirithe as

Dúirt Carr go ndearna sé cinneadh éirí as a phost tar éis an scéal a phlé le cuid de na himreoirí ar an bhfoireann

Peileadóirí Dhún na nGall gan bainisteoir agus Paddy Carr éirithe as

Tá Paddy Carr éirithe as a chúram mar bhainisteoir ar fhoireann shinsir peile Dhún na nGall.

Mí Dheireadh Fómhair seo caite a ceapadh Carr sa phost ach tá bainisteoir nua le ceapadh anois agus Dún na nGall suite ar bhun Roinn 1 na sraithe náisiúnta.

“Tar éis an scéal a phlé  le cuid de bhaill shinsearacha fhoireann peile Dhún na nGall, tá mé ag iarraidh a fhógairt go bhfuil mé ag seasamh siar mar bhainisteoir ar fhoireann Dhún na nGall láithreach bonn. Níl uaim ach an rud ab fhearr do Dhún na nGall agus ní athróidh sé sin go deo,” a dúirt Carr i ráiteas gearr a foilsíodh ar shuíomh CLG Dhún na nGall.

Dúirt bord an chontae gur cúis aiféala dóibh go raibh Carr ag éirí as.

Cé go bhfuil babhta amháin cluichí fágtha sa tsraith, tá sé nach mór cinnte go ndícháileofar Dún na nGall agus bua mór ag teastáil uathu i Ros Comáin, chomh maith le torthaí áirithe i gcluichí eile, chun teacht slán.

Cé gur bhuaigh na Conallaigh ar Chiarraí ina gcéad chluiche i sraith na bliana seo, is in olcas atá cúrsaí imithe ó shin. Tá Dún na nGall fágtha gan bua ar bith le cúig chluiche anuas agus ceithre cinn acusan caillte acu, an ceann in aghaidh Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite san áireamh.

Bhí Carr d’uireasa laoch na gConallach, Michael Murphy, ó thús na bliana agus fear Ghleann tSúilí éirithe as an imirt. Buaileadh buille mór eile ar Dhún na nGall nuair a bhain drochghortú do chaptaen nua na foirne, Paddy McBrearty níos luaithe sa tsraith.

Bhí Aidan O’Rourke, Paddy Bradley agus Declan MacIntyre mar chuid d’fhoireann bainistíochta Dhún na nGall le Carr ach ní fios go fóill an mbeidh siadsan ag fanacht leis an bhfoireann don chluiche in aghaidh Ros Comáin Dé Domhnaigh beag seo.

Fág freagra ar 'Peileadóirí Dhún na nGall gan bainisteoir agus Paddy Carr éirithe as'