Peileadóirí agus iománaithe ag obair as lámha a chéile sa Rinn

Sula n-imreoidh peileadóirí sinsir an chumainn i gcluiche leathcheannais an chontae, imreoidh iománaithe na Rinne i gcluiche ceannais Idirmheánach Phort Láirge an deireadh seachtaine seo agus an dá fhoireann ag spreagadh a chéile

Peileadóirí agus iománaithe ag obair as lámha a chéile sa Rinn

Tá cluichí móra CLG ag teacht go tiubh te tapa sa Rinn i láthair na huaire. I mí na Samhna, imreoidh foireann peile na Rinne i gcluiche leathcheannais an chontae agus iad ag iarraidh Craobh Shinsir Phort Láirge a bhuachan den chéad uair riamh. An tseachtain seo chugainn, imreoidh An Ghaeltacht, cumann faoi-aois an cheantair, i gcluichí ceannais i gcraobh na mionúr agus sa chraobh faoi 16.

Roimhe sin uile, áfach, an Domhnach beag seo, rachaidh fir na Rinne chun páirce i gcluiche ceannais idirmheánach an chontae i gcoinne Chluain Fhia.

Tá éacht déanta ag príomhfhoirne an chumainn babhtaí cinniúnacha a gcuid craobhacha a bhaint amach, go háirithe nuair is cumann beag tuaithe é cumann na Rinne. Is minic a bhíonn sé deacair an dá thrá a fhreastal, áfach. Is iomaí uair a bhíonn achrann ann i gcumainn agus daoine ag iarraidh níos mó ama a chaitheamh le cluiche amháin nó ceann eile, gan trácht a dhéanamh ar an gcás go mbeadh dhá fhoireann ag ullmhú do chluichí móra.

Ní hamhlaidh atá sa Rinn áfach, dar le bainisteoir na n-iománaithe, Pádraig Ó hArtaigh. Cé go n-imríonn gach imreoir ar an bhfoireann iomána leis na peileadóirí chomh maith, deir Ó hArtaigh gur beag deacracht a bhíonn ann dóthain ama a fháil don dá fhoireann.

“Tá gach duine anseo timpeall ag súil go mór leis an gcluiche agus tá tacaíocht iontach faighte againn ón gcoiste i rith na bliana,” a deir Pádraig Ó hArtaigh.

Cé gur chuir aistear Phort Láirge i gCraobh Iomána na hÉireann moill ollmhór ar chraobhacha peile agus iomána an chontae, deir sé go raibh an Rinn in ann leas a bhaint as an scéal sin.

“Bhí an t-ádh linn mar go rabhamar in ann leanúint ar aghaidh. Bhí foirne eile ann, an Chlais Mhór nó Ceapach Choinn, mar shampla, nach raibh in ann cluichí a imirt. D’imríomar cluichí craoibhe i rith an tsamhraidh, san iomáint agus sa pheil, agus bhíomar i gcónaí in ann díriú ar chluiche éigin,” a mhínigh Ó hArtaigh.

“Bhí sé iontach leanúnachas éigin a bheith ann ó thaobh cúpla seachtain a chaitheamh ag traenáil peile agus cluiche peile a bhuachan agus ansin cúpla seachtain eile a chaitheamh leis an iomáint agus cluiche iomána a bhuachan. Go hiondúil bíonn tú ag iarraidh an iomáint a imirt seachtain amháin agus an pheil an tseachtain dár gcionn agus tá sé sin dodhéanta ar fad.”

Deir Ó hArtaigh go mbíonn an-chuid tacaíochta ann don dá fhoireann agus go dtugann buanna na foirne spreagadh dá chéile.

Cé go raibh ar na hiománaithe fanacht cúpla seachtain chun cluiche ceannais an iarthair a imirt, ba léir nár chuir an briseadh isteach rómhór orthu agus bhí bua maith acu ar Cheapach Choinn cúpla seachtain ó shin nuair a scóráil siad 0-23 agus an lá go dona.

B’in an tríú huair ag an Rinn Craobh an Iarthair a bhuachan agus deir Ó hArtaigh, a bhí ina chaptaen ar an bhfoireann a bhuaigh í den chéad uair in 2008, go bhfuil na himreoirí seo dírithe go hiomlán ar chluiche ceannais an chontae agus ar ghrád na sinsear a bhaint amach.

“An t-am sin [in 2008], bhí áthas orainn an rud a bhuachan ach tá sé le feiscint ar na himreoirí i mbliana go bhfuil níos mó uathu. Ní éacht chomh mór céanna a bhí ann acusan Craobh an Iarthair a bhuachan coicís ó shin agus ní raibh an ceiliúradh chomh mór. Tá na himreoirí seo ar leibhéal eile agus tá siad ag iarraidh ardchaighdeán a bhaint amach.”

Deir Ó hArtaigh go bhfuil siad tar éis dul i bhfeabhas i ngach cluiche ó thús na bliana agus molann sé go háirithe an obair mhór atá déanta ag Pa Kearney, iar-imreoir Phort Láirge, sna seisiúin traenála atá déanta aige leis an bhfoireann, chomh maith le Dave Ó Tuaigthe, atá i gceannas ar thraenáil aclaíochta na foirne.

Is léir, áfach, go bhfuil grúpa imreoirí den scoth tagtha chun cinn sa Rinn le roinnt blianta anuas. Seachtar acu a bhí ar fhoireann peile an chontae i mbliana agus orthu siúd a chaith geansaí iománaithe na nDéise le blianta beaga anuas, bhí Donie agus Criostóir Bhreathnach.

Buntáiste mór is ea an taithí idirchontae sin i gcluichí móra amhail cluiche an Domhnaigh, dar le Ó hArtaigh agus idir sin agus a bhfuil foghlamtha ag scata mór de na himreoirí tar éis dóibh cúpla seal a chaitheamh sa ghrád sinsir ón gcéad bhua sin in 2008, tá súil aige gur i bhfeabhas a rachaidh siad arís ar Pháirc an Bhreathnaigh an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Peileadóirí agus iománaithe ag obair as lámha a chéile sa Rinn'