Peil na bpríosúnach agus bóthar achrannach an athshlánaithe

Sa tsraith trí chlár ‘Gaelic in the Joy’ déanann an t-iarimreoir peile Philly McMahon agus an fuirseoir Rory O’Connor iarracht foireann peile a bhunú i measc na bpríosúnach i bPríosún Mhuinseo

Peil na bpríosúnach agus bóthar achrannach an athshlánaithe

Cad chuige an tseirbhís phríosúnachta? Pionós a ghearradh? An pobal a chosaint ar dhaoine dainséaracha? Bacadh na coireachta? Athshlánúchán? D’fhéadfaí a mhaíomh go mba cheart go mbeadh smut de gach ceann i gceist ach d’fhéadfaí a mhaíomh chomh maith go bhfuil an tréith dheireanach acu sin ar an gceann is tábhachtaí agus is cigiltí le baint amach.

Déanann Gaelic in the Joy (Dé Céadaoin, RTÉ1) iarracht léargas a thabhairt ar bhóthar achrannach an athshlánaithe. Sa tsraith trí chlár seo déanann an t-iarimreoir peile le Baile Átha Cliath Philly McMahon agus an fuirseoir Rory O’Connor iarracht foireann peile a chur le chéile i measc na bpríosúnach i bPríosún Mhuinseo.

Ní fhéadfá beirt ní b’fhearr a fháil le tabhairt faoin gcúram. Tá obair na gcapall déanta ag Philly ag iarraidh cur i gcoinne na míthuiscintí faoi dhaoine ó cheantair atá faoi mhíbhuntáiste agus tá cúrsa ceannaireachta á reáchtáil aige sa phríosún céanna le tamall. Tá Rory an-ionraic faoina dhúshláin mheabhairshláinte féin agus labhraíonn sé amach faoi mheabhairshláinte na bhfear go minic.

Deir an bheirt acu linn go hionraic go bhféadfadh siad féin a bheith imithe ar bhóthar n-aimhleasa ina n-óige agus gur choimeád an spórt agus a muintir ar bhóthar a leasa iad. Filltear ar an téama seo arís is arís eile, sé sin gur féidir le cor anseo agus ansiúd i saol duine iad a sheoladh ar bhóthar an phríosúin an-fhuirist ar fad.

Ag an am céanna d’fhéadfadh an rud ar fad a bheith míthaitneamhach d’éinne a d’fhulaing de bharr coiriúlachta. Déanann an clár seo an gaiste sin a sheachaint trí bheith an-cháiréiseach faoi na rannpháirtithe. Tá an t-ochtar a cuireadh os ár gcomhair an tseachtain seo sa Progression Unit, sin aonad ar leith ón bpríosún mór a dhéanann iad a ullmhú don saol mór. Táid seo ar a gcroí díchill dul ar bhóthar a leasa. Lena chois sin ní raibh aon dúnmharfóir, éigneoir nó duine a bhí ciontaithe as aon choir ana-thromchúiseach ar fad ina measc.

Tá splanc bhreá idir Philly agus Rory agus léiríonn siad an-tuiscint do na himreoirí atá os a gcomhair amach. Labhraíonn na himreoirí go hionraic agus go machnamhach linn faoi na conairí saoil a sheol chun an phríosúin iad. Tráchtann siad chomh maith ar an gcruatan a bhaineann le bheith i ngéibheann le 800 duine eile. An saol, agus a muintir, ag leanúint ar aghaidh taobh amuigh de na fallaí. Bhí aithne ag Rory ar dhuine den ochtar seo ina óige. Tagann drugaí chun cinn arís is arís eile. Tugtar le fios go bhfuil 80% de phobal Mhuinseo ann de bharr coireanna drugaí. Ní chuireann garda príosúin amháin fiacail ann is é ag rá go bhfuil drugaí ag déanamh a slí isteach go fuirist sa phríosún; thar fallaí agus i rith cuairteanna.

Ar shlí sé saol an phríosúin agus an bpríosúnach príomhthéama na sraithe seo, níl sa pheil ach uirlis leis an scéal sin a nochtadh. Tugtar le fios dúinn go n-athchiontaíonn seachtar as gach deichniúr a scaoiltear ó phríosún má chabhraíonn cláir fhor-rochtana cosúil leis an gceann seo an figiúr san a laghdú fiú de bheagán, nach maith ann é?

 

Fág freagra ar 'Peil na bpríosúnach agus bóthar achrannach an athshlánaithe'