Peig Sayers, Tomás Ó Criomthain agus Donald Trump ar t-léinte nua don Nollaig

I mbun ‘cyber-bothántaíocht’ atá Peig Sayers agus Tomás Ó Criomthain ar t-léine nua atá deartha ag an gcomhlacht T-léine.ie, atá lonnaithe i gContae Chorcaí

Trump navy

Tá Peig Sayers, Tomás Ó Criomthain agus Donald Trump le feiceáil ar t-léinte Gaeilge nua atá curtha ar fáil do mhargadh na Nollag.

Is é an comhlacht T-léine.ie, atá lonnaithe i gContae Chorcaí, a dhear an dá t-léine nua.

Donald Trump, atá san iomaíocht d’ainmniúchán na bPoblachtach i SAM, is ábhar do cheann de na t-léinte ar a bhfuil an focal ‘amadán’ le feiceáil faoina éadan. Tá scáil aisteach caite ag an bhfocal céanna, mar dhea.

Is iad Peig Sayers agus Tomás Ó Criomhthain atá le feiceáil ar an t-léine nua eile agus iad i mbun ‘cyber-bothántaíocht’ ar earraí teicneolaíochta. Tá cóipeanna dá leabhair cháiliúla os a gcomhair amach ar an mbord ag an mbeirt údar agus a n-aird dírithe ar fhóin chliste.

Bunaíodh T-léine.ie sa bhliain 2012 agus t-léinte éagsúla curtha amach ó shin i leith acu, ina measc na t-léinte a bunaíodh ar chláracha móra teilifíse ar nós Breaking Bad, The Walking Dead agus Game of Thrones.

Tharraing an comhlacht aird air féin nuair a bhí an spásaire Ceanadach Chris Hadfield ag obair sa Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis (ISS) freisin. Chuir Hadfield giolc amach ina raibh Éire le feiceáil ón ISS agus an teachtaireacht ‘Tá Éire Fíor-Álainn’ leis. Rinne T-léine.ie dearadh bunaithe ar an íomhá sin a raibh díol mór air.

Fág freagra ar 'Peig Sayers, Tomás Ó Criomthain agus Donald Trump ar t-léinte nua don Nollaig'