Peig, Rocky Ros Muc nó Dá mBíodh Ruball ar an Éan: céard is teideal maith ann?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: tá teidil ann a dhéanann an jab, tá teidil ann a dhéanann jab níos fearr, agus tá teidil ann nach ndéanfaidh duine dearmad orthu go brách

Peig, Rocky Ros Muc nó Dá mBíodh Ruball ar an Éan: céard is teideal maith ann?

Ba mhaith an rud é gur ag bun an staighre, agus ní ag an mbarr, a bhí mé nuair a rith teideal dom don úrscéal atá idir lámha agam le blianta. Ar feadh soicind nó dhó, ní raibh a fhios agam cá raibh mé. Bhí m’aigne á céasadh agam le seachtain anuas ar thóir teidil mhaith agus ansin, agus mé ar tí an staighre a dhreapadh agus taephota lán i mo lámh, bhuail fuascailt na ceiste idir an dá shúil mé.

Fan soicind a Alex, a deir tú, tá tú ag caint linn faoin úrscéal sin le blianta anuas agus anois tá tú ag rá linn nach raibh teideal ag an diabhal rud?

Bhí, go deimhin. Teideal oibre! Ach thuig mé ón lá ar bhaist mé an teideal sin ar an togra nach é a bheadh ar an saothar críochnaithe toisc go raibh focal aduain iasachta ann.

Bhí teideal eatramhach air ó shin a bhí ábhairín níos fearr, 

bunaithe ar sheanfhocal. Ach ar an gcúis sin cliché a bhí ann. 

Ós rud é go raibh mé ar tí dréacht athscríofa á chur faoi bhráid gníomhaire litríochta, theastaigh teideal uaim a mheallfadh aird an ghníomhaire agus – níos tábhachtaí fós – a sheasfadh amach ar sheilfeanna na siopaí leabhar.

Céard is teideal maith ann?

Tá teidil ann a dhéanann jab iontach ar bhealach simplí agus praiticiúil. PeigTóraíocht Dhiarmada agus GhráinneSeal san AetóipAn Bóthar go Santiago agus Cuisine le Máirín féin: is léir i bhfaiteadh na súl céard atá faoin gclúdach.

Tá teidil ann atá níos fearr, dar liom, toisc go gcothaíonn siad rud beag mistéire. An Nollaig Thiar, mar shampla, nó Rocky Ros Muc. Céard atá chomh speisialta faoin Nollaig thiar go gcaithfí idirdhealú a dhéanamh idir í agus an Nollaig in aon áit eile? Agus tá codarsnacht mhealltach idir ‘Rocky’, carachtar ficseanúil clúiteach a shamhlaítear le cathair Philadelphia, agus ‘Ros Muc’, baile beag bídeach ar chósta thiar na hÉireann. Céard a d’fhéadfadh a bheith i gcoitinne ag an dá ainm?

Ach is iad na teidil a spreagann oiread ceisteanna i d’aigne nach mbíonn tú in ann dearmad a dhéanamh orthu is fearr liom. Dá mBíodh Ruball ar an Éan, mar shampla, nó Cuaifeach mo Londubh Buí. Nó fiú amháin Múscail, a Ghiorria, mar a bhaist Eithne Ní Ghallchobhair ar an saothar is déanaí uaithi.

Chaithfeá misneach a bheith agat mar údar chun teideal mar sin a roghnú agus shamhlóinn go gcaithfeá do chosa a bheith i dtaca agat, leis, óir ní thaitníonn teidil chasta le foilsitheoirí na Gaeilge.

DílisDeoraíochtAn LitirDúilTairngreachtCnámhGaillimhGonta – ar rith sé leat riamh cén fáth go bhfuil oiread teidil ghonta ar shaothair i nGaeilge? Faraor géar, bíonn dúshlán ar leith roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge: is é an chaoi nach mbíonn Gaeilge ar a dtoil ag cuid mhór de na daoine a chaithfidh leabhair Ghaeilge a dhíol, is é sin le rá, oibrithe na siopaí leabhar móra. Ní bhaistfear macasamhail The Curious Incident of the Dog in the Night-Time ar shaothar Gaeilge go brách, agus is trua sin; ní teideal spreagúil go dtí é.

Drochsheans ach oiread go nglacfadh foilsitheoir Gaeilge leis an teideal a bhaist mise ar m’úrscéal sa deireadh: Fear a rachfá ar do ghlúine os a chomhair. Ar ámharaí an tsaoil níl an teideal sin chomh casta ná chomh fada céanna san Ísiltíris, an teanga inar scríobh mé an t-úrscéal.

Nod beag do scríbhneoirí a bheadh ar thóir teidil mhaith d’úrscéal, gearrscéal, dráma nó dán: smaoinigh ar an teideal mar phriosma trína n-amharcfaidh an léitheoir ar do shaothar iomlán. Cuirfidh teideal amháin an spotsolas ar ghnéithe áirithe den saothar; claonfaidh teideal eile súile an léitheora i dtreo ghnéithe eile. Difríocht chaolchúiseach a bhíonn ann, ach difríocht mar sin féin. Bain triail as seo le go bhfeicfidh tú céard atá i gceist agam: dá mbeadh Máirtín Ó Cadhain tar éis Caitríona a bhaisteadh ar Cré na Cille, an é an leabhar céanna a bheadh ann?

Fág freagra ar 'Peig, Rocky Ros Muc nó Dá mBíodh Ruball ar an Éan: céard is teideal maith ann?'

  • Antaine

    Bheadh CnC ina sárleabhar cuma cén teideal a bhaist an Cadhnach air!

  • Fearn

    “Cúirt an Mheán Oíche” an peata teideal agam sa Ghaeilge.