Peadar Mac Fhlannchadha ag éirí as Conradh na Gaeilge tar éis 40 bliain

Is iomaí feachtas a raibh baint ag Peadar Mac Fhlannchadha leis le dhá scór bliain agus bhí aithne mhór ag pobal na Gaeilge air

Peadar Mac Fhlannchadha ag éirí as Conradh na Gaeilge tar éis 40 bliain

Tá Peadar Mac Fhlannchadha, an gníomhaí teanga aitheanta le dul ar scor tar éis 40 bliain a chaitheamh ag obair le Conradh na Gaeilge.

Bhí Mac Fhlannchadha, arb as Maigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe dó, ina Leas-Ardrúnaí agus ina Bhainisteoir Abhcóideachta leis an eagraíocht teanga.

Beidh sé ag éirí as mí Lúnasa.

Dúirt sé gur “pribhléid” é a bheith ag obair le Conradh na Gaeilge agus “le gníomhaithe Gaeilge agus pobail fud fad na tíre”. Bhí “ómós” aige, a dúirt sé, do na daoine go léir “a sheas agus a sheasann leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge agus a chinntíonn go mbronnfar an teanga ar an gcéad ghlúin eile, agus na glúine a thiocfaidh ina ndiaidh siúd”.

Gan an pobal sin ní bheadh “tada” i ndán don teanga, ar sé.

“Le linn mo thréimhse oibre chuir mé aithne ar nach mór gach pobal Gaeltachta agus Gaeilge sa tír agus táim buíoch dóibh as an tacaíocht a thug siad dom i gcónaí.

“Le linn mo thréimhse oibre freisin bhí an t-ádh liom a bheith ag obair le cinnirí Gaeilge agus Gaeltachta, sa Chonradh agus in eagraíochtaí eile, a thuig cás na teanga agus a bhí sásta troid ar a son agus croí agus anam a chur sa troid sin.”

Dúirt Mac Fhlannchadha go raibh sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge ó bhí sé 16 agus go leanfaidh sé air ag obair go deonach ar son na heagraíochta agus na teanga nuair a éireoidh sé as.

Mhol Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Peadar Mac Fhlannchadha as an “ról nach beag” a bhí aige i bhfeachtais éagsúla. Bhí baint mhór aige mar shampla leis an bhfeachtas chun stádas iomlán a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Bhí Mac Fhlannchadha go mór i mbéal an phobail chomh maith nuair a thóg sé cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis d’ainmhithe.

Ba é sin an chéad chás riamh ar phléigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i nGaeilge leis.

“Tá an eagraíocht buíoch do Pheadar as gach a ndearna sé linn thar na blianta agus guíonn muid gach rath air agus é ag tabhairt faoi dhúshláin nua amach anseo,” arsa Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh sé “deacair foireann an Chonartha a shamhlú” gan Peadar Mac Fhlannchadha.

Laoch a bhí i Mac Fhlannchadha, a dúirt an tArd-Rúnaí.

“Roinn sé an oiread sin saineolas, taithí agus cairdis linn ar fad thar na blianta agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis as sin ar fad.

“Ní hamháin go mbíodh Peadar gníomhach sna feachtais ach bhí ról faoi leith aige i gcúrsaí Gaeltachta agus forbairt Chonradh na Gaeilge mar eagraíocht. Is laoch don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é Peadar agus beimid thíos leis amach anseo gan é linn go lánaimseartha.”

Fág freagra ar 'Peadar Mac Fhlannchadha ag éirí as Conradh na Gaeilge tar éis 40 bliain'

  • Micheál Mac Aonghusa

    Ardfhear amach is amach. Ón chéad lá d’oibrigh sé go dithcheallach gan aird phearsanta a tharraingt anuas air féin. Fear uasal umhal agus gníomhaí éifeachtach nár léirigh éirí in airde riamh ach a bhfuil páirt mhór curtha de i stair an Chonartha agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Go raibh saol fada sona aige amach anseo.

  • Cr Bhréanainn

    Cr Bhréanainn | Conradh na Gaeilge
    Guimid gach rath ar Pheadar agus go mbeidh saol fada, sona, sláintiúil aige ar phinsiún.

  • John

    Fear uasal. Níl deireadh ráite aige fós, agus go mbeidh sé lárnach go ceann píosa an-fhada eile.

  • Páidí Ó Lionáird

    Duine ní ba deise ná Peadar, ní bhfaighfeá. Maraon leis na buanna ar fad atá luaite thuas leis, bheadh a chéird go maith ag aon duine i mbun cleachtais dlí ach aithris a dhéanamh ar chur chuige Pheadair – meáite, ciallmhar agus nuair ba ghá, acmhainn ghrinn go smior ann ach i gcónaí dírithear an sprioc. Ag Ard-Fheis an Chonartha in Inis is túisce a chas muid ar a chéile sa bhliain 1990 tráth go rabhas féin, Bríd Ní Chlochartaigh, Máirín Ní Ógáin & Maedhbh Ní Dhónaill ag obair in Ógras faoi cheannas Phádraig Uí Shabhain. Is iomaí feachtas atá curtha dhe aige Peadar san achar ama ó shin agus iad ar fad déanta go slachtmhar, agus le dea-ghiúmar! Treise leat a Pheadair ar d’aistir romhat amach.

  • Colmán Ó Raghallaigh

    Comhghairdeachas ó chroí leat, a Pheadair. Ba phléisiúr é a bheith ag obair leat i gcónaí. Go leor gaisce eile le déanamh fós agat tá mé cinnte! Treise leat!