‘Blackface! Ciníochas!’ a bhéiceann dream amháin nuair a fheiceann siad Zwarte Piet, giolla Sinterklaas, laoch na féile is tábhachtaí i bhféilire na hÍsiltíre, níos tábhachtaí ná an Nollaig féin.
‘Traidisiún! Féiniúlacht!’ a bhéiceann an dream eile. ‘Agus thairis sin, níl aon chiníochas i gceist againn agus dá bharr sin níl aon chiníochas i gceist!’
Sin, i gcúpla focal, an plé a ghlacann seilbh ar aerthonnta agus ar nuachtáin na hÍsiltíre an t-am seo den bhliain.
Ach fan soicind. Sinterklaas? Zwarte Piet? Cé hiad sin?
Bhuel, mar is eol do chách (san Ísiltír, pé scéal é, agus sa chuid ó thuaidh den Bheilg, i gcuid den Ghearmáin, i Súranam agus ar sé chinn d’oileáin sa Mhuir Chairib ar cuid den Ísiltír iad), cónaíonn Sinterklaas – San Nioclás – ar phlandáil oráistí sa Spáinn. Uair amháin sa bhliain, i lár mhí na Samhna, tagann sé go dtí an Ísiltír ar bhád gaile chun a bhreithlá a cheiliúradh ann.
Oíche an 5 Nollaig, oíche San Niocláis, téann sé ag marcaíocht thar dhíonta na dtithe ar a chapall bán. Tugann slua giollaí ar a dtugtar Zwarte Pieten – ‘Peadair Dhubha’ – cúnamh dó bronntanais a thabhairt síos simléirí na dtithe do ghasúir a bhí go maith i rith na bliana.
Sin é an fáth a bhfuil dath dubh ar chraiceann Zwarte Piet: an turas síos na simléirí ar fad. Nó sin a dúradh liomsa, a d’fhás aníos san Ísiltír, agus ba é sin a chreid mé féin agus (go bhfios dom) na páistí ar fad a bhí in aon rang liom ar scoil. Ní fhaca mé aon chosúlacht idir ár múinteoir – fear gorm as Súranam, iar-chóilíneacht de chuid na hÍsiltíre i Meiriceá Theas – agus Zwarte Piet. Duine a bhí i nduine gorm ar nós muid féin; carachtar osnádúrtha (nó ficseanúil, nuair nár chreid mé ann a thuilleadh) ba ea Zwarte Piet.
Ach ní hé sin an dearcadh atá ag cuid mhór de na céadta míle Ísiltireach gorm ar an scéal. Dar leo, déanann traidisiún Zwarte Piet ceap magaidh den duine gorm.
Tá go leor daoine taobh amuigh den Ísiltír ar aon tuairim leo.
Arú anuraidh, mhol cathaoirleach choimisiún na Náisiún Aontaithe um chearta daonna, Verene Shepard, deireadh a chur le traidisiún Zwarte Piet. Traidisiún ‘ciníoch’ a bhí ann, dar léi, ‘filleadh ar aimsir na sclábhaíochta’. I mbliana, chraol an stáisiún teilifíse Meiriceánach CNN clár fáisnéise inar cáineadh traidisiún Zwarte Piet go géar.
Cuireann a leithéid de cháineadh isteach go mór ar mhórchuid na nÍsiltíreach geal. Dream iad sin, tar éis an tsaoil, a dtaitníonn sé leo féachaint orthu féin mar an dream is liobrálaí agus is caoinfhulaingí amuigh. ‘Is fada ó chiníochas a tógadh muidne!’ an mana a bhíonn acu. ‘Agus maidir le Zwarte Piet, féacha nach bhfuil sé i gceist againn a bheith ciníoch. Dá bharr sin, níl aon chiníochas i gceist!’
Agus sin é croílár na faidhbe. Mar Ísiltíreach geal, mar dhuine a tógadh le traidisiún na féile Sinterklaas, is féidir liom a dheimhniú nach bhfuil sé i gceist ag éinne daoine gorma a mhaslú le Zwarte Piet. Ach ní hé sin an pointe. Is é an pointe ná go nglacann na céadta míle Ísiltíreach gorm leis an traidisiún mar mhasla – fiú mura bhfuil a leithéid i gceist. Masla a bheadh ann gan éisteacht leo.
Le blianta beaga anuas, tá polaiteoirí san Ísiltír tar éis teacht ar an tuiscint nach bhfuil éalú ón gconspóid agus go gcaithfear dul i ngleic le híomhá Zwarte Piet. Ar ámharaí an tsaoil, carachtar ficseanúil é Zwarte Piet agus is féidir carachtair fhicseanúla a athrú. D’fhonn iarracht béim a chur ar theoiric an turais síos na simléirí, níor cuireadh péint dhonn ar aghaidh iomlán na bPeadar Dubha a ghlac páirt i bparáid Sinterklaas chathair Amsterdam i mbliana. Ina ionad sin, cuireadh stríoca den phéint ar a leicne, mar a bheadh luaith ann.
Shíl cuid mhór daoine (idir gheal agus ghorm) go raibh sé sin áiféiseach.
Sin é an dúshlán atá roimh na húdaráis. Ní féidir traidisiún beo a athrú ón mbarr anuas. Ón mbonn aníos, ón bpobal féin, a chaithfidh pé athrú teacht.
Ach tiocfaidh sé, mar ní bheidh aon duine san Ísiltír – geal, gorm ná riabhach – in ann cur suas ar feadh i bhfad eile leis an gconspóid atá ag déanamh crá croí den fhéile is tábhachtaí sa bhliain.
An Cainteoir Dóchais
Tá an traidisiún céanna, nach mór, i mo thír dhúchais féin, Poblacht na Seice. San Nioclás ag bronnadh féiríní ar pháistí agus fear dubh leis. Níl sé ina chonspóid – go fóill.