Le bheith fírinneach ní hé Operation Transformation an tsraith theilifíse is ansa liom agus caithfidh mé a admháil nach bhfaca ach cúpla nóimint fánach den tsraith is déanaí a bhí ar siúl níos luaithe i mbliana. Aithním, áfach gur cinneadh seiftiúil é dul i muinín an tsaothair arís ag tráth seo an aonraithe (Operation Transformation: Keeping Well Apart, RTÉ, Dé Céadaoin).
B’fhuirist casadh a bhaint as struchtúr na sraithe le freastal ar theaghlaigh atá ag iarraidh dul i ngleic leis an mbraighdeanas seachas an chailliúint meáchain, cé go bhfuil sé sin i gceist chomh maith agus sinn sáinnithe ar an gcúits.
Is mór an trua nach bhfuil TG4 chomh lúfar céanna ó thaobh a chuid clár. Tá RTÉ luite amach orthu féin ó thosach na géarchéime ach tá lucht féachana stáisiún Bhaile na hAbhann i dtaobh leis an Nuacht, 7Lá agus cúpla mír ar Molscéal le héachtaint a thabhairt dóibh ar streachailt an phobail leis an ngéarchéim.
Mar gheall ar chomhdhéanamh an stáisiúin, conarthaí ollsoláthair is ceárta clár inmheánach an-bheag, nílid chomh haclaí céanna, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh gur RTÉ a sholáthraíonn an Nuacht agus 7Lá dóibh. Beidh clár ‘scoil ag baile’ ag tosú ar TG4 an tseachtain seo chugainn, mí ó dúnadh na scoileanna agus na páistí beaga gafa cheana féin le Home School Hub RTÉ.
Nuair atá soláthar cúrsaí reatha teoranta agat agus gan aon chlár beo nó saolchlár agat tá ceangal ort. Más ag brath ar chomhlachtaí ón taobh amuigh atá do chuid clár go léir agus nuair is é an spórt beo an cíoná atá agat is measa fós an scéal. Pé tuairim atá agat faoi mhúnla agus cur chuige TG4, is léir nach é is fearr chun fóirithint ar an bpobal aimsir géarchéime sa tsláinte phoiblí.
Ar a shon sin agus uile, deirtear go bhfuil an pobal bailithe de scéalta faoin gCovid-19 agus cá bhfios nach tuilleadh ábhar cartlainne ó TG4 a bheidh uathu?
Bíodh sin mar atá, d’fhéachas ar chlár iomlán do OT, faoi mar atá baiste air dealraíonn sé, den chéad uair i mo shaol. Mura comhartha é sin de dhéine na géarchéime ní lá fós é. Faoi mar a luas thuas baineadh casadh as múnla an chláir le léargas a fháil ar conas mar atá teaghlaigh ar fud na tíre ag dul i ngleic leis an aonrú mar aon le comhairle a sholáthar dóibh ó thaobh an bhia, na haclaíochta agus na meabhairshláinte.
Léiriú ar an tslí a bhfuil cúrsaí faoi láthair ná gur gá an leagan nua seo a thaifeadadh sa Round Room i dTeach an Ardmhéara, mar a raibh triúr de na comhairleoirí agus an láithreoir. Buailimid, agus iad ar ceamara ina dtithe féin, le ceithre theaghlach éagsúla ar fud na tíre atá ag tabhairt faoin saol nua seo ina slí féin.
Ní galar éinne amháin é an frustrachas, an t-uaigneas, an leadrán agus an imní. An scolaíocht bhaile, an obair ón mbaile, agus an aclaíocht laistigh de dhá chiliméadar ón dtigh. Bhí codanna áirithe den chlár brónach go maith; Ann Brophy, a bhfuil bunghalar uirthi, sáinnithe ina hárasán léi féin agus Lorrainne O’Neill, iar-rannpháirtí OT, a bhfuil iníon léi i mbaol mar go bhfuil fiobróis chisteach uirthi.
Mar is gnáth bhí na saineolaithe ann le comhairle a bhronnadh ó thaobh aclaíochta, sláinte, bia agus meabhairshláinte. Taibhsíodh dom go mba gheall le gaois an bhrioscáin feasa í an chomhairle seo ar uairibh. Cuid den mhúnla nua ná go mbeidh ar na teaghlaigh seo tabhairt fé ‘dhúshlán seachtainiúil’.
Don chéad ghála bhí orthu amhrán de chuid Kodaline a fhoghlaim. Bhíos ag cúbadh chugam féin nuair a bhí an mhír seo á taispeáint ag an deireadh.
Is le dea-rún a deineadh an clár seo agus seans go dtabharfaidh sé faoiseamh is lámh chúnta de shaghas do dhaoine áirithe.
Táimse chun filleadh ar an gcaidreamh is dual dom le OT.
Tuairisg
Tá laigeachtaí TG4 le feiceáil go láidir na laethanta seo. Tá siad níos tógtha le bheith ag cuir ábhair amach ar Twitter agus Molsceál seachas ar an teilifís. An é, ag deireadh an lae, gur cainéal digiteach atá i TG4? Beidh sin an todhchaí do theilifís na Gaeilge?