‘Pé rud atá fágtha ionam, tá sé i gceist agam é a thabhairt do Ghaoth Dobhair’ – Neil McGee éirithe as imirt le Dún na nGall

D’imir an lánchúlaí d’fhoireann shinsir Dhún na nGall 195 uair, níos mó ná aon imreoir eile i stair an chontae agus bhí sé mar chuid den fhoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2012

‘Pé rud atá fágtha ionam, tá sé i gceist agam é a thabhairt do Ghaoth Dobhair’ – Neil McGee éirithe as imirt le Dún na nGall

Tá sé fógartha ag laoch peile Dhún na nGall Neil McGee go bhfuil sé ag éirí as an imirt idirchontae.

Beidh fear Ghaoth Dobhair 37 bliain d’aois an mhí seo chugainn agus é ag imirt le foireann shinsir Dhún na nGall ó 2005. Tá sé chun díriú ar chúrsaí club amháin as seo amach.

D’fhógair McGee a chinneadh in agallamh leis an Donegal News ar maidin.

D’imir an lánchúlaí d’fhoireann shinsir Dhún na nGall 195 uair, níos mó ná aon imreoir eile i stair an chontae agus bhí sé mar chuid den fhoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2012.

Anuas air sin, bhuaigh McGee Craobh Uladh cúig huaire agus bronnadh trí ghradam All Star air – in 2011, 2012 agus 2014.

D’fhág gortú droma nár imir McGee mórán lena chontae le cúpla bliain anuas agus deir sé anois go bhfuil a chorp spíonta. Tá súil aige coinneáil air ag imirt dá chumann áitiúil, áfach.

“Pé rud atá fágtha ionam anois, tá sé i gceist agam é a thabhairt do Ghaoth Dobhair. Chaill mé amach ar an oiread sin leo thar na blianta toisc go rabhamar chomh dírithe ar ghaiscí a dhéanamh le Dún na nGall,” a dúirt McGee leis an Donegal News.

Bhí McGee ag imirt do Ghaoth Dobhair Dé Domhnaigh seo caite nuair a dhíbir Naomh Conaill iad ó bhabhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall 2020. Tá craobh an chontae buaite trí huaire ag McGee lena chumann agus d’éirigh leo Craobh Uladh a bhaint in 2018.

Chaith McGee blianta ag imirt taobh lena dheartháir Eamon i gcosaint Dhún na nGall agus bhí an bheirt mar chuid den fhoireann a bhuaigh Corn Mhig Uidhir faoi cheannas Jim McGuinness deich mbliana ó shin.

D’éirigh Eamon as an imirt in 2016 ach choinnigh Neil air i ngeansaí an chontae ar feadh sé bliana eile. Dúirt Neil inniu gur smaoinigh sé ar éirí as an imirt le Dún na nGall anuraidh ach gur chinn sé bliain eile a thabhairt toisc go raibh Declan Bonner chun a bheith ina bhainisteoir arís.

D’éirigh Bonner as a chúram ag deireadh an tséasúir seo, áfach, agus tá Dún na nGall fós sa tóir ar bhainisteoir d’fhoireann shinsir na bhfear.

Fág freagra ar '‘Pé rud atá fágtha ionam, tá sé i gceist agam é a thabhairt do Ghaoth Dobhair’ – Neil McGee éirithe as imirt le Dún na nGall'