Pé rud a dhéanfaidh Boris Johnson ní ar mhaithe le hÉirinn a dhéanfaidh sé é

Tá an Breatimeacht ag bagairt orainn arís agus is tábhachtach agus is leochaileach an mhargáil a thosóidh sa Bhruiséil Dé Luain

Pé rud a dhéanfaidh Boris Johnson ní ar mhaithe le hÉirinn a dhéanfaidh sé é

I mí Dheireadh Fómhair anuraidh dfhógair an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach comhaontú inar leagadh amach socruithe maidir le feidhmiú an Bhreatimeachta i dTuaisceart Éireann.

Is de thoradh na gcomhráite idir Leo Varadkar agus Boris Johnson a thoiligh ionadaithe an Aontais Eorpaigh an ‘cúlstad’ a bhí á mholadh acu go dtí sin a chur i leataobh. Daontaigh siad ina ionad sin go seiceálfaí earraí agus ainmhithe ón mBreatain sula seolfaí go dtí an Tuaisceart iad, ionas nach gcuirfeadh easpórtáil ar aghaidh thar teorainn isteach ar mhargadh aonair an AE.

Is féidir an Prótacal ina bhfuil comhchur síos an AE agus rialtas na Breataine ar an gcóras seiceála a bhí beartaithe acu a léamh. Tá sé ar fáil anseo. Pléitear an Prótacal go minic sa Bhreatain amhail is gur socrú eatramhach é ar féidir é a leasú agus comhaontú eile faoin mbuanchaidreamh leis an AE á phlé. 

Ní hamhlaidh atá ar ndóigh. Má shínítear comhaontú idirnáisiúnta ar bith, ní bhíonn na sínitheoirí toilteanach de ghnáth é a chur i leataobh nó as feidhm, go háirithe laistigh de bhliain i ndiaidh a shínithe. Go háirithe má bhaineann sé le hábhar achrannach, amhail cúrsaí Thuaisceart Éireann.

Nuair a daontaigh ceannairí an AE go síneofaí an conradh aistarraingthe leis an Ríocht Aontaithe ar an 17 Deireadh Fómhair, ghlac siad leis go raibh ceist na hÉireann réitithe, i bprionsabal ar a laghad. Fágadh sonraí an chórais seiceála faoi chomhchoiste atá bunaithe cheana féin ag an dá thaobh.

Cuirfear tús leis an idirbheartaíocht dheireanach faoin mBreatimeacht sa Bhruiséil Dé Luain. Ní féidir a bheith cinnte fós ón méid a dúirt rialtas na Breataine agus cáipéis idirbheartaíochta á foilsiú acu Déardaoin, ná ó ráitis an státrúnaí Brandon Lewis, cén dearcadh dáiríre a bhí á nochtadh acu 

D’fhéadfadh gur buaileam sciath a bhí ann a cheil a dtoil comhréiteach a dhéanamh ar deireadh.

tharlódh gur náisiúnachas agus stuacacht a chuirfidh bac ar chomhréiteach a bhí ann.

Nó b’fhéidir gur meascán mífhreagrach den dá mheon a bhí ann nach féidir a thoradh a thuar.

Ainneoin na héiginnteachta, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach dtabharfaidh Boris Johnson tosaíocht do leas an oileáin seo, thuaidh ná theas, san idirbheartaíocht atá romhainn. Léirigh an tslí inar chaith sé geallúintí a thug sé don DUP i leataobh go tobann tar éis dó bualadh leis an Taoiseach anuraidh a neamhspéis.

Tuigtear don cholún seo gur le linn comhrá a bhí ag Johnson le Donald Tusk go gairid tar éis dó labhairt le Leo Varadkar a dfhiafraigh an príomh-aire duachtarán Chomhairle na hEorpa céard a theastaigh chun teacht ar chomhaontú. Rinne Tusk cur síos gairid ar na héilimh a chaithfí a shásamh. Ghéill Johnson go pras ina dhiaidh sin.

Tá Johnson ag bagairt anois go gcuirfidh sé deireadh leis na comhráite ar chomhaontú iomlán Breatimeachta i mí an Mheithimh mura mbeidh sé sásta leis an dul chun cinn a bheidh déanta faoin tráth sin.

Bheadh taithí ag duine ar bith a dhíol nó a cheannaigh capall ar Aonach Bhéal na Sluaighe ar bhagairt nó ar chleasaíocht dá leithéid.

Ach ar ndóigh is tábhachtaí agus is leochailí ná sin an mhargáil a thosóidh sa Bhruiséil Dé Luain.

Is follasaí freisin céard a theastaíonn chun leas na tíre seo, thuaidh agus theas, a chosaint go dtí go dtiocfar ar mhargadh de chineál éigin idir iar-bhallstát an AE agus an tAontas. 

Rialtas nua in Éirinn gan mhoill, a Theachtaí Dála, le bhur dtoil.

Fág freagra ar 'Pé rud a dhéanfaidh Boris Johnson ní ar mhaithe le hÉirinn a dhéanfaidh sé é'

  • Síle Uí Laighin

    Tá súil agam go léifidh cuid dár bpolaiteóirí an colún seo agus go dtabharfaidís suntas dó! Léiriú maith mar is gnách, grma a Chathail.

  • Daithi Mac Carthaigh

    Dé chúis nach bhfuil teorainn i Muir Éireann sa léaráid?

  • An Teanga Bheo

    Brexit baby ar an mbealach bi cinnte beidh Johnson gnothach anois.