Pé acu ar áin leat an fhicheall nó nach áin is fiú féachaint ar Beth Harmon agus í i mbun comhraic

Cuireann ‘The Queen’s Gambit’ aicsean agus fuadar i saol na fichille mar aon le léiriú a thabhairt ar thráma agus ar ghnéasachas na seascaidí

Pé acu ar áin leat an fhicheall nó nach áin is fiú féachaint ar Beth Harmon agus í i mbun comhraic
The Queen’s Gambit
Stiúrthóir: Scott Frank
Cliar: Anya Taylor-Joy, Isla Johnston, Bill Camp, Marielle Heller Chloe Pirrie, Marcin Dorocinski, Thomas Brodie-Sangster, Marcin Dorociński.

Is beag duine a shamhlódh fuadar, sceitimíní is aicsean leis an bhficheall, ach tá na tréithe sin le sonrú go láidir in, The Queen’s Gambit, an mhionsraith is déanaí ó cheárta Netflix. Sa chnuasach seacht gclár seo leantar an dílleachta agus imreoir éachtach fichille, Beth Harmon (Taylor-Joy) óna hóige go dtí na fichidí agus í ag iarraidh a bheith ar an imreoir fichille is fearr ar domhan.

Ar an gcéad fhéachaint ba dhóigh leat gur saothar é seo atá “bunaithe ar scéal fíor”, ach ní hamhlaidh atá mar tá an scannán bunaithe ar úrscéal den teideal céanna ó Walter Tevis a foilsíodh i 1983. Tosaíonn cúrsaí i bPáras na bliana na 1967 mar a gcodlaíonn an Harmon fásta go headra roimh chluiche fichille cinniúnach leis an Rúiseach caithréimeach Vasily Borgov (Dorociński).
Tá sí gioblach agus tinneas póite uirthi. Feictear í ag slogadh siar piollaí beaga uaine, piollaí a bhfuil ról lárnach acu i scéal Harmon go dtí sin.

De gheit, déantar sin a theilgean siar go Kentucky na gcaogaidí mar a gcítear an Harmon naoi mbliana d’aois (Johnston) ag seasamh gan bhrí ar dhroichead agus corp a máthar sínte marbh taobh thiar di i ndiaidh timpiste ghluaisteáin. Tógtar chuig dílleachtlann í. Gan amhras táimid in amhras go mbeidh saol uafásach ansan aici, ach ní hamhlaidh atá. Cinnte tá uaigneas, smacht agus easpa grá sa bhfoirgneamh ach cuirtear oideachas orthu agus tugtar aire réasúnta maith do na cailíní, seachas na piollaí úd, suaimhneasáin atá á dtabhairt dos na cailíní len iad a smachtú. Éiríonn Harmon gafa leo agus is minic í ag brath orthu, agus ar an alcól, i gcaitheamh a saoil.

Smut den seanscéal seanchaite ag baint leis an gcaidreamh idir í agus an t-airíoch Shaibel (Camp). Fear neamh-mhuinteartha cancrach agus é ag imirt fichille leis féin san íoslach. An cailín óg ag dul i bhfeidhm air diaidh ar ndiaidh. Dúil mhíchuibheasach aici sa bhficheall ón tús agus agraíonn ar an seanfhondúir í a mhúineadh. Ní fada nó go gcítear dó go bhfuil cumas thar na bearta inti.

Maireann a dúil sa bhficheall i ndiaidh a huchtaithe agus í sna déaga.
Cuirtear ina luí orainn gurb í an fhicheall an rud is seasmhaí ina saol agus an t-aon rud a thugann sólás di. Bhí fadhbanna meabhairshláinte ag a máthair agus d’fhág sin agus a bás tragóideach lorg tromchúiseach ar an gcailín. Tá an tráma sin ina néal os a cionn i rith an ama. Tá sí beagfhoclach agus míchompordach i gcomhluadar daoine, go mórmhór lucht a comhaoise.

Ní bhíonn aon ní in intinn Beth ach an fhicheall, í ag brionglóid faoin gcluiche istoíche fiú amháin. Ní fada nó go mbímid féin i ngreim ag an bhficheall chomh maith, mar ní hamháin go gcaitheann Beth dul ag comhrac le caisil, easpaig agus ceithearnaigh ach caitheann sí dul i ngleic le spórt agus sochaí atá faoi cheannas na bhfear. I radharc amháin i rith comórtas fichille, tá sí féin agus an t-aon imreoir ban eile curtha ina suí ar chúl an halla taobh leis an seastán.
Cuireann Beth corc iontu is scanraíonn sí iad lena cumas fichille, ach cuireann an dearcadh gnéasaíoch as di, go mórmhór ó tharla mná eile a bheith sásta glacadh leis an saol mar atá.

Sí Taylor-Joy agus Johnston a dhéanann an tsraith seo a iompar ó thús deireadh. Léiríonn siad carachtar atá ceanndána, coráistiúil, uaillmhianach ach atá suaite ciotach i gcomhluadar. Pé acu ar áin leat an fhicheall nó nach áin is fiú féachaint ar Beth Harmon agus í i mbun comhraic; ar an mbord agus ina saol féin.

Fág freagra ar 'Pé acu ar áin leat an fhicheall nó nach áin is fiú féachaint ar Beth Harmon agus í i mbun comhraic'