Paul Murphy TD agus cúigear eile neamhchiontach i srianadh mídhleathach a chur ar Joan Burton

Cuireadh srianadh neamhdhleathach i leith an tseisir mar gheall ar eachtra a tharla ar an 15 Samhain 2014 ar Bhóthar Bhaile Uí Fhoirtcheirn i Ráth Miontáin i dTamhlacht

Paul Murphy TD agus cúigear eile neamhchiontach i srianadh mídhleathach a chur ar Joan Burton

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Fuarthas neamhchiontach inniu an Teachta Dála Paul Murphy agus cúigear eile as srianadh neamhdhleathach a chur ar iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre Joan Burton agus a cúntóir, Karen O’Connell, le linn agóide faoi tháillí uisce a tharla in 2014.

Cuireadh srianadh neamhdhleathach i leith an tseisir mar gheall ar eachtra a tharla ar an 15 Samhain 2014 ar Bhóthar Bhaile Uí Fhoirtcheirn i Ráth Miontáin i dTamhlacht.

Bhí gártha molta, gol agus bualadh bos sa Chúirt Chuarda Choiriúil i mBaile Átha Cliath nuair a d’fhógair an giúiré a gcinneadh go gairid i ndiaidh an mheán lae inniu. Tuairiscítear gur thosaigh cuid de lucht tacaíochta an tseisir ag béicíl “no way, we won’t pay” agus iad ag tagairt don fheachtas in aghaidh na dtáillí uisce.

Phléadáil Paul Murphy agus cúigear eile neamhchiontach as srian a chur ar shaoirse phearsanta Joan Burton agus Karen O’Connell. Ba iad an cúigear eile a fuarthas neamhchiontach inniu Michael Murphy, as Bealach an Teampaill Ghil, and Kieran Mahon, as Garrán Bolbrook, Scott Masterson, as Céide na Carraige Móire, Frank Donaghy, as an Ard Alpach, agus Michael Banks as Faiche Radharc an tSrutháin.

Breithiúnas d’aon ghuth a thug an giúiré de sheachtar fear agus ceathrar ban i ndiaidh dóibh machnamh a dhéanamh ar an gcás ar feadh beagán le cois trí huaire an chloig.

Ceathracha lá a mhair an triail, a thosaigh ar an 26 Aibreán, agus le linn na trialach chualathas go raibh an t-iarThánaiste Joan Burton agus a cúntóir sáinnithe i ngluaisteáin ar feadh trí huaire an chloig fad is a bhí agóid uisce ar siúl ag ionad oideachais An Cosán i Ráth Miontáin mar a raibh siad ag freastal ar ócáid bhronnta cáilíochtaí. Mhaígh lucht an ionchúisimh gurbh amhlaidh gur sáinníodh na mná toisc gur bhailigh lucht agóide timpeall ar na carranna, ach mhaígh an lucht cosanta gur agóid shíochánta a bhí i gceist agus nárbh ionann í agus srianadh neamhdhleathach.

Dúirt siad gurb é an rud is measa a d’fhéadfaí a chur i leith an lucht agóide ná gur chuir siad bac ar fheithicil agus gur chuir siad beagáinín trioblóide ar na mná.

Fág freagra ar 'Paul Murphy TD agus cúigear eile neamhchiontach i srianadh mídhleathach a chur ar Joan Burton'