Paul Givan le héirí as a phost mar Chéad-Aire agus Stormont i sáinn arís

Nuair a éireoidh Paul Givan as ní bheidh an Feidhmeannas ábalta cinneadh ar bith a dhéanamh faoi aon pholasaí úr

Paul Givan le héirí as a phost mar Chéad-Aire agus Stormont i sáinn arís

Táthar á thuar go bhfógróidh Paul Givan an DUP tráthnóna go bhfuil sé ag éirí as a phost mar Chéad-Aire i dTionól Stormont, cinneadh a chothóidh imní faoina bhfuil i ndán do roinnt na cumhachta.

Nuair a éireoidh Givan as ní bheidh an Feidhmeannas ábalta cinneadh ar bith a dhéanamh faoi aon pholasaí úr.

Is cuid d’agóid an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh (DUP) in aghaidh Phrótacal Thuaisceart Éireann beart seo Givan.

Má éiríonn Givan as an gCéad-Aireacht, beidh Michelle O’Neill, an LeasChéad-Aire, í féin as a post.  Is oifig nó cúram roinnte idir an an bheirt airí iad an leaschéad-aireacht agus an chéad-aireacht agus ní cheadaítear do dhuine fanacht in oifig má éiríonn an duine eile as an bpost.

Féadfaidh na hairí eile fanacht ina bpoist i gceannas ar na ranna éagsúla ach ní féidir leo aon chinneadh úr a dhéanamh.

D’fhágfadh éirí as Givan nach mbeadh ar chumas Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann feidhmiú i gceart. Is faoi chathaoirleach an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a thagann an Feidhmeannas le chéile agus dá n-uireasa ní bheifear ábalta aon chruinniú a reáchtáil.

Ceaptar go n-éireoidh Givan as láithreach tar éis dó an fógra a dhéanamh. Beidh cruinniú ag ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson agus ag baill shinsearacha eile an DUP i mBéal Feirste tráthnóna.

Tá seo uilig ag tarlú tráth ar dhúirt feisire de chuid an DUP, Ian Paisley, i dTeach na dTeachtaí i Londain go raibh “cúrsaí ar tí titim as a chéile i dTuaisceart Éireann”.

Dúirt Paisley: “Ní míonna, seachtainí ná laethanta atá ann go dtitfidh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus is trua an scéal é sin ach ba léir go dtarlódh sé agus tá an cor sin á thuar ar na binsí seo le 13 mí.”

Tá an DUP ag áitiú go bhfuil an bonn á bhaint de stádas Thuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe ag an bprótacal mar nach ionann a chaitear leis na sé chontae agus a chaitear leis an gcuid eile den Ríocht Aontaithe.

Ocht mí ó shin, mí an Mheithimh 2021, a ceapadh Paul Givan ina Chéad-Aire, tráth a raibh cúrsaí sách corrach sa DUP.

Fág freagra ar 'Paul Givan le héirí as a phost mar Chéad-Aire agus Stormont i sáinn arís'