Paul Givan agus Michelle O’Neill ceaptha ina gcéad airí, raic sa DUP faoi mhargadh Gaeilge

Tuairiscítear go bhfuil an DUP in aimhréidh mar gheall ar easaontas faoin bpróiseas ainmniúcháin

Paul Givan agus Michelle O’Neill ceaptha ina gcéad airí, raic sa DUP faoi mhargadh Gaeilge

Tá Paul Givan an DUP ceaptha mar Chéad-Aire Thuaisceart Éireann agus tá Michelle O’Neill Shinn Féin athcheaptha ina LeasChéad-Aire.

Chuathas ar aghaidh leis na hainmniúcháin in Stormont tráthnóna i ndiaidh do Rialtas na Breataine teacht ar réiteach aréir leis an DUP agus Sinn Féin faoin reachtaíocht Ghaeilge.

Aontaíodh go n-ainmneofaí céad-aire agus leaschéad-aire ar an tuiscint go dtabharfadh Rialtas na Breataine an reachtaíocht chultúir agus teanga isteach mí Dheireadh Fómhair mura mbeadh sé déanta in Stormont féin faoin am sin.

Dúirt Michelle O’Neill gur “céim dhearfach chun cinn don chomhionannas, do chearta agus don tsochaí trí chéile” a bhí sa mhargadh.

Chuir baill shinsearacha den DUP, amhail Jeffrey Donaldson, Sammy Wilson agus Gregory Campbell, a míshástacht faoin margadh in iúl do Poots.

Rinne siad iarracht moill a chur leis an bpróiseas ainmniúcháin ach chuaigh Poots ar aghaidh leis ag meán lae inniu.

Tuairiscítear, áfach, go bhfuil an DUP in aimhréidh agus gur vótáil tromlach mór de bhaill tionóil an pháirtí, 24-4, in aghaidh ainmniúchán Paul Givan.

Chuir an Taoiseach Micheál Martin fáilte roimh an margadh agus dúirt sé gur “dul chun cinn tábhachtach” a bhí ann go rabhthas ábalta teacht ar shocrú faoi ghealltanais chomhaontú New Decade, New Approach a chomhlíonadh.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte chomh maith roimh an margadh.

“Is forbairt é seo a gcuirtear fáilte roimhe san fheachtas ar son cearta teanga anseo agus is toradh é ar an fheachtas pobail atá ann le fada an lá do #AchtAnois. Is mian linn gach duine a mholadh atá toilteanach an fód a sheasamh ar son cearta teanga anseo,” a dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Mhaígh Edwin Poots, ceannaire an DUP, nach raibh aon ghá le “foláirimh dheiridh agus spriocdhátaí”.

Mhaígh Poots gurb í an chúis nár tugadh an reachtaíocht chultúir agus teanga isteach ná “an rud beag seo a dtugtar Covid-19 air”.

Dúirt Poots nach mbeadh ar Rialtas na Breataine an reachtaíocht a thabhairt isteach mar nach ndéanfadh an DUP faillí i leith New Decade, New Approach.

“Tá go leor sa phacáiste cultúir don aontachtas – sin an fáth go rabhamar ábalta ár n-ainm a chur leis thiar in 2020 agus sin an fáth nach bhfuilimid chun faillí a dhéanamh ann ná cúlú uaidh.”

Dúirt Jim Allister, ceannaire an TUV, gurbh ionann an margadh a rinneadh leis an Státrúnaí Brandon Lewis aréir agus “géilleadh ar fad do Shinn Féin”. Dúirt sé gur “teip agus náiriú” a bhí i gceist do Edwin Poots agus thug sé “Rialtas  P.O’Neill” ar an socrú nua.

Dúirt leascheannaire an SDLP Nichola Mallon go mbeadh “fearg” ar daoine gur chuir Sinn Féin agus an DUP roinnt na cumhachta i mbaol mar gheall “ar cheist amháin”.

Chaithfeadh an dá pháirtí “ciall” a bheith acu agus filleadh ar an obair, a dúirt sí. “Bhí ár ndráma againn,” a dúirt Nichola Mallon.

Bhí a raibh i ndán don Fheidhmeannas idir dhá cheann na meá le tamall mar gheall ar easaontas faoin reachtaíocht Ghaeilge.

Thángthas ar réiteach aréir i ndiaidh do Shinn Féin agus an DUP cruinnithe a bheith acu leis an Státrúnaí Brandon Lewis faoin tsáinn pholaitiúil faoi chás na Gaeilge in Stormont.

I ndiaidh an mheán oíche, d’fhógair ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, go rabhthas tagtha ar chomhréiteach agus go n-ainmneodh a páirtí leaschéad-aire.

Fág freagra ar 'Paul Givan agus Michelle O’Neill ceaptha ina gcéad airí, raic sa DUP faoi mhargadh Gaeilge'

  • An Teanga Bheo

    Na Críocha gafa agus +++Labhair an Teanga Gaeilge liom+==== Teanga na Tíre