Pat Fahy, Gaeilgeoir agus dlíodóir a thuill meas mór, ar shlí na fírinne

Aithníodh go raibh Pat Fahy ar dhuine de na dlíodóirí cosanta coiriúla agus cearta daonna ab fhearr sa Tuaisceart

Pat Fahy, Gaeilgeoir agus dlíodóir a thuill meas mór, ar shlí na fírinne

Fuair Pat Fahy, dlíodóir agus Gaeilgeoir, bás in aois a 75 bliain in Ospidéal na hÓmaí an tseachtain seo caite. Ba bheag dlíodóir eile go ndeachaigh a ainm chomh mór sin isteach i gcaint na ndaoine. Bhí nath cainte ann ‘Say nothing till you see Fahy’.

B’in mar gur aithníodh é ar dhuine de na dlíodóirí cosanta coiriúla agus cearta daonna ab fhearr sa Tuaisceart.

Rinne sé cosaint ar dhaoine d’achan cúlra. Ba sheasamh cróga sin, go háirithe i ndiaidh dhúnmarú Pat Finucane i 1989. Thuill sé meas ó dhaoine sa phobal Aontachtach.

Bhí sé ag troid cásanna tábhachtacha cearta daonna go deireadh a shaoil. Ritheann ceithre cinn acu chugam láithreach.

Cás Michael Leonard, grósaeir as Paiteagó i nDún na nGall,  a mharaigh an RUC i bhFear Manach i 1973. Cás Patsy Kelly, comhairleoir neamhspleách ón Trileac i dTír Eoghain, a dhúnmharaigh comhaltaí den UDR i 1974. Cás Patrick McElhone, fear óg a raibh riachtanais speisialta aige, ar mharaigh saighdiúir i gCabhán an Chaorthainn i dTír Eoghain é i 1974.

Cás Mhairéad McCallion, bean sna 30idí, ar mharaigh dúnmharfóir srathach í.

Sa chás deireanach sin rinne Pat Fahy an-obair ag ullmhú don choiste cróinéara. Thug sin an-fhaoiseamh don chlann, mar gur deimhníodh gur buille ón dúnmharfóir a mharaigh í. Dúirt a deirfiúr, Patricia O’Brien, gur thug Fahy an-tacaíocht dóibh. “Rinne sé an obair uilig pro bono,” ar sise. “Níl go leor focal agam le hinsint duit an méid a rinne sé ar ár son. Bhí toradh maith ar an choiste cróinéara, ach fuair an duine a d’ainmnigh an cróinéir as a bheith ciontach bás sula bhféadfaí é a chúiseamh. Ba mhó ná dlíodóir é Pat. Ba chara é. Beimid de shíor faoi chomaoin aige.”

Rugadh Fahy ar an Droim Caoin i dTír Eoghan. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil na mBráithre ar an Ómaigh, ansin ar Ollscoil na Ríona. Bhí baint aige le Gluaiseacht na gCearta Sibhialta ón tús. D’éirigh sé as na Clubanna Poblachtacha (mar a bhíodh ar Shinn Féin ó thuaidh) i 1969 mar, dar leis, gur cheart deireadh a chur leis an neamhfhreastal ar Westminster. I 1970 a thosaigh sé amach mar dhlíodóir.

Bhí sé bainteach leis an fheachtas in éadan na H-Bhlocanna. Toghadh é mar comhairleoir leis an Irish Independence Party. Nuair a chuaigh Sinn Féin leis an pholaitíocht, chláraigh sé leo agus bhí sé gníomhach leo.

Bhí Pat Fahy i gcónaí sáite i gCumann Lúthchleas Gael agus é breá sásta Gaeilge a labhairt.

Fág freagra ar 'Pat Fahy, Gaeilgeoir agus dlíodóir a thuill meas mór, ar shlí na fírinne'