Pas taistil saor in aisce ar fáil do dhaoine óga chun dul ag fámaireacht thart faoin Eoraip

Deirtear go gcruthaíonn Bealach Cultúir DiscoverEU naisc idir ionaid agus brainsí cultúrtha éagsúla

Pas taistil saor in aisce ar fáil do dhaoine óga chun dul ag fámaireacht thart faoin Eoraip

Tá an tAE le deis a thabhairt do 35,000 duine óg pas taistil saor in aisce a fháil chun dul ag fámaireacht thart faoin Eoraip an samhradh seo.

Seo an babhta is is deireanaí den togra DiscoverEU a sheol an Coimisiún Eorpach.

Chun an pas taistil saor in aisce seo a bhuachan is gá dul isteach ar Thairseach Eorpach na hÓige, agus ceisteanna faoin Aontas Eorpach a fhreagairt.

Táthar ag súil go bhfaighidh na daoine óga seo tuiscint ar a thábhachtaí atá sé “comhoibriú le chéile” chun an tAontas Eorpach a dhéanamh “álainn agus inbhuanaithe”.

Deirtear go gcruthaíonn Bealach Cultúir DiscoverEU naisc idir ionaid agus brainsí cultúrtha éagsúla, an ailtireacht, an ceol, an mhínealaín, an amharclannaíocht, an faisean, an dearadh agus eile. Beidh deis ag an dream óg cuairt a thabhairt ar Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa, ar na hionaid atá ar liosta oidhreachta UNESCO nó seal a chaitheamh i gcathracha a rinne an-iarracht a bheith inrochtana do chuile dhuine, beag beann ar aois nó cumas.

Cuirfear cárta lascaine ar fáil do na daoine óga freisin agus deis acu suas le 40,000 lascaine a fháil le haghaidh iompar poiblí, cultúr, lóistín, bia, spórt agus seirbhísí eile i dtíortha éagsúla.

Cuirfidh Gníomhaireacht Náisiúnta Erasmus cruinnithe faisnéise ar fáil sula dtugann an dream óg faoina dturas.

Ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht molann an Coimisiún do na taistealaithe óga iarnróid a roghnú seachas sa gcás nach ann don tseirbhís sin nó i gceantair iargúlta agus oileáin.

Moltar dóibh freisin dul i dteagmháil le taistealaithe eile trí ghrúpa oifigiúil #DiscoverEU ar líne chun taithí agus leideanna a roinnt faoina dtaithí cultúrtha agus faoi chúrsaí taistil go digiteach agus go hinbhuanaithe.

Tá go dtí an 29 Márta ag 12:00 chun gach eolas a fháil agus iarratas a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Pas taistil saor in aisce ar fáil do dhaoine óga chun dul ag fámaireacht thart faoin Eoraip'

  • Breathnóir1

    Díreach mar eolas tá an nasc do Thairseach Eorpach na hÓige ar fáil i nGaeilge freisin. Téann bhur nasc chuig an leagan Béarla.