Pardún le tabhairt do scarúnaithe na Catalóine

Táthar le cead abhaile a thabhairt do Carles Puigdemont, ceannaire an pháirtí Chatalónaigh Junts, a éilíonn neamhspleáchas na Catalóine

Pardún le tabhairt do scarúnaithe na Catalóine

Chinn Comhdháil na Spáinne, teach na reachtaíochta sa Cortes Generales, veto an tSeanaid ar phardún a thabhairt do scarúnaithe na Catalóine, a chur ar ceal.

Meastar go bhfuil an cosán glanta ag an bpardún seo leis an dara téarma a thabhairt do Pedro Sanchez mar Phríomh-Aire agus barántas gabhála Carles Puigdemont a chur ar ceal.

D’fhágfadh sin cead ar ais chun na Spáinne ag Puigdemont, ceannaire an pháirtí Chatalónaigh Junts, a éilíonn neamhspleáchas na Catalóine.

Glacadh leis an mbille le 177 vóta in aghaidh 172 agus beidh sé ina dhlí ach a bhfoilseofar go hoifigiúil é inniu. Beidh dhá mhí ag na cúirteanna chun aon taifead dlí atá ann faoi na céadta oifigeach agus gníomhaí a ghlac páirt sna hiarrachtaí ar fad a rinneadh ó 2011 ar son neamhspleáchas an Catalóine a ghlanadh den taifead.

Ní raibh chuile dhuine ar son an phardúin oifigiúil seo agus tá sé i gceist acu siúd atá glan ina choinne dúshlán cúirte a thabhairt ina aghaidh.

Pedro Sanchez a mhol an pardún seo anuraidh ar son tacaíocht dó féin sa Pharlaimint ó dhá pháirtí atá ar son neamhspleáchas na Catalóine – Junts agus Esquerra Republicana de Catalunya.

Áitíonn Sanchez go bhfuil sé in am líne a tharraingt faoin aighneas ar fad faoi shaoirse na Catalóine agus na blianta caite ag iarraidh an dlí a chur ar na scarúnaithe a bhí páirteach san iarracht neamhspleáchas a bhaint amach in 2017. Deir sé gur fearrde an maithiúnas ná na seanfhaltanais.

“Lá stairiúil atá againn inniu. Níl faic maite ach tá cath buaite san achrann atá idir náisiúin na Catalóine agus an Spáinne leis an céadta bliain,” a deir dlíodóir Junts, Miriam Nogueras.

D’éirigh go maith le Puigdemont sa toghchán sa Chatalóin agus tá ráite aige go bhfillfidh sé ach a dtoghfar uachtarán nua ar an gCatalóin. Cheal móramh iomlán ag aon dream tá an mhargáil fós ar siúl idir na páirtithe faoin rialtas nua.

Fág freagra ar 'Pardún le tabhairt do scarúnaithe na Catalóine'