Paráid na féile Pádraig i mBaile Átha Cliath curtha ar ceal mar gheall ar an gcoróinvíreas

Tá 33 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 21 ceann ó dheas agus 12 ó thuaidh den teorainn

Paráid na féile Pádraig i mBaile Átha Cliath curtha ar ceal mar gheall ar an gcoróinvíreas

Tá paráid na féile Pádraig i mBaile Átha Cliath curtha ar ceal mar gheall ar an gcoróinvíreas.

Ag cruinniú den fhochoiste rialtais a bunaíodh chun plé le Covid-19 a glacadh an cinneadh an pharáid a chur ar ceal.

D’fhógair Comhairle Contae Chorcaí níos túisce tráthnóna go raibh an pharáid sa chathair sin á cur ar ceal agus tá an cás amhlaidh maidir le gach paráid sa tír anois.

Tuairiscítear chomh maith gur chinn an Rialtas €2 billiún a chur ar leataobh chun déileáil leis an lorg a fhágfaidh an galar Covid-19 ar an tslainte phoiblí agus ar an eacnamaíocht.

Tá an cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Fhrainc i gcraobh na Sé Náisiún curtha ar athlá inniu chomh maith.

Bhí an cluiche beartaithe don Stade de France i bPáras Dé Sathairn seo chugainn.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris níos túisce inniu go bhfuil seans ann go leanfaidh Éire patrún na ráigeanna den choróinvíreas i dtíortha eile san Eoraip amhail an Iodáil, an Fhrainc agus an Ghearmáin.

Tá 33 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 21 ceann ó dheas agus 12 ó thuaidh den teorainn.

Idir measartha agus mór atá an baol go mbuailfidh  an coróinvíreas níos mó daoine in Éirinn, a dúirt an tAire Sláinte Simon Harris ar Morning Ireland.

Tháinig ráiteas an Aire sna sála ar an scéal nach bhféadfadh an HSE easaontú leis an áiteamh go mbuailfeadh an galar 1.9 milliún duine ó dheas. Dúirt an HSE áfach nach raibh an obair maidir le tuar a dhéanamh faoina leithéid críochnaithe go fóill.

Tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

De ghnáth, ní foláir do dhuine a bheith ceathrú uaire i ngartheagmháil le duine a bhfuil an galar orthu, is é sin i ngiorracht 1-2 méadar dó, chun go mbeadh sé nó sí i mbaol a tholgtha.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón Eagraíocht Sláinte Dhomhanda is ráta báis 3.4% atá i gceist leis an víreas ach d’fhéadfadh go mbeadh an céatadán sin níos lú ag brath ar líon na gcásanna nach bhfuiltear ar an eolas fúthu.

Breis is 110,000 cás den ghalar atá deimhnithe ar fud an domhain go n-uige seo agus fuair breis is 3,800 bás dá bharr. Tá téarnamh déanta ag 62,100 duine a raibh an galar orthu.

Tá cruinniú inniu ag an bhfochoiste de chuid an Rialtais a bunaíodh chun plé leis an ngalar agus pléifear, i measc rudaí eile, ceist na n-ollchruinnithe agus na n-ócáidí móra poiblí agus ar cheart iad a chosc.

Tá 16 milliún duine curtha i gcoraintín san Iodáil agus na húdaráis ag iarraidh dul i ngleic le scaipeadh an ghalair sa tír sin mar a bhfuil breis is 366 duine básaithe dá bharr. Tháinig ardú 57% in aon lá amháin ag an deireadh seachtaine ar líon na ndaoine ar thug Covid-19 a mbás san Iodáil.

Idir an dá linn, tá an titim is mó ón ngéarchéim eacnamaíochta in 2008 tarlaithe sna stocmhargaí i Stáite Aontaithe Mheiriceá, san Áise agus ar fud na hEorpa agus cogadh ola na hAraibe Sádaí sa mhullach ar an imní faoi Covid-19.

 

Fág freagra ar 'Paráid na féile Pádraig i mBaile Átha Cliath curtha ar ceal mar gheall ar an gcoróinvíreas'