Tá Caifé na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, oscailte faoi bhainistíocht nua tar éis a dhúnta Meán Fómhair seo caite.
Dea-scéal atá in athoscailt chaifé na Gaeilge do phobal na Gaeilge san ollscoil a reáchtáil feachtas sa bhfómhar seo caite ag éileamh go gcuirfí an caifé Gaeilge ar a chosa arís.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Connor Fleming, bainisteoir an chomhlachta lónadóireachta Masterchef, atá ag reáchtáil Chaifé na Gaeilge san ollscoil anois, go raibh ‘lúcháir’ air go raibh an caifé Gaeilge ar oscailt arís.
“Is maith an scéal é go bhfuil caifé Gaeilge, a bhfuil scoth an chaife ar fáil ann, oscailte arís do phobal na Gaeilge agus do chuairteoirí chun na hollscoile.
“Áit chruinnithe atá ann do chainteoirí Gaeilge. Cúinne beag ar an gcampas ar féidir le daoine teacht le chéile agus a bheith ag labhairt na Gaeilge. Bhí pobal Gaeilge na hollscoile caillte le roinnt míonna toisc nach raibh aon chaifé Gaelach ar fáil dóibh,” a dúirt sé.
Dúirt Fleming go raibh mic léinn agus lucht teagaisc na Gaeilge san ollscoil “an-sásta” agus go raibh “an-tacaíocht” á tabhairt acu don chaifé.
“Is iontach an rud é go bhfuil áit ar fáil do phobal na Gaeilge agus do dhaoine ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus duine a bhfuil Gaeilge ar a thoil aige ag freastal orthu,” a dúirt sé.
Dúirt Fleming go mbíonn “pancóga blasta, anraith úr gach maidin agus scoth an chaife” ar fáil sa chaifé gach lá den tseachtain.
An comhlacht Students Union Commercial Services Ltd a bhíodh i mbun an chaifé sular dúnadh é ag tús an tseimeastair seo caite.
I ráiteas a chuir Aontas na Mac Léinn amach nuair a dúnadh an caife, dúradh go raibh deireadh á chur acu leis an chonradh a bhí acu le hOllscoil na hÉireann Gaillimh an caife a rith toisc é a bheith ag feidhmiú “ar bhonn neamhbhrabúsach ó 2008”.
Mhaígh siad chomh maith nach raibh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag cloí le coinníollacha éagsúla sa chonradh, ina measc cúiteamh a thabhairt don chomhlacht ar aon chaillteanas a bheadh ar an chomhlacht de bharr an chaifé.
Áine Nic Niallais
Tá muid iontach bródúil as na mic léinn uilig a bhí rannpháirteach san fheachtas seo!
Maith sibh!
Máiread
Iontacht