Páistí na nGaelscoileanna a thabharfaidh an ‘báidín teanga’ slán – Nuala Ní Dhomhnaill

Páistí na nGaelscoileanna a thabharfaidh ‘báidín’ na Gaeilge slán a deir Nuala Ní Dhomhnaill agus í ag tagairt dá dán cáiliúil ‘Ceist na Teanga’

Páistí na nGaelscoileanna a thabharfaidh an ‘báidín teanga’ slán – Nuala Ní Dhomhnaill

Tá ráite ag Nuala Ní Dhomhnaill, file, gurb iad páistí na nGaelscoileanna a chinnteoidh go dtiocfaidh ‘báidín’ na Gaeilge slán.

Bhí Ní Dhomhnaill ag tagairt dá dán aitheanta ‘Ceist na Teangan’ ina gcuireann an file a ‘dóchas ar snámh/i mbáidín teanga/faoi mar a leagfá naíonán/ i gcliabhán’.

Tá ‘Ceist na Teangan’ ar cheann de na dánta is aitheanta i nuafhilíocht na hÉireann agus tá báidín leochaileach an dáin ar cheann de na meafair is cáiliúla dá bhfuil ann do chás na Gaeilge féin.


Agus í faoi agallamh ag Olivia O’Leary ar eagrán na seachtaine seo de The Poetry Programme ar RTÉ Raidió a hAon, cuireadh ceist ar an bhfile mór le rá an raibh aon ní cóir i ndán don Ghaeilge.

Freagra dearfach a thug an file ar an gceist a chuirtear ag deireadh ‘Ceist na Teanga’, sin an bhfóirfeadh ‘iníon Fharoinn’ ar an ‘báidín teanga’, an Ghaeilge, mar a dhein i gcás Mhaoise.

“Táim siúrálta gurb ann d’iníon Fharoinn. Na leanaí atá ag teacht chun coinlíochta sna Gaelscoileanna, tá a gcuid Gaoluinne ana-dhifriúil ó mo chuidse Gaoluinne, ach níl aon rud cearr léi, tá sí go breá. Beidh siadsan mar iníon Fharoinn, is ea, beidh san,” a dúirt Ní Dhomhnaill.

Dúirt Nuala Ní Dhomhnaill cheana gurb ionann ‘Ceist na Teanga’ agus a freagra ‘deireanach déanach’ ar an gceist cén fáth gur i nGaeilge a scríobhann sí.

Northern Lights cnuasach dátheangach nua de dhánta le Ní Dhomhnaill foilsithe ag Gallery Press.

Thug sí le fios chomh maith ar The Poetry Programme go bhfuil rún aici a cuimhní cinn a bhreacadh i mBéarla.

Tá iliomad duaiseanna agus gradam faighte ag Nuala Ní Dhomhnaill, atá áirithe i measc mhórfhilí na hÉireann.

Ba é an gradam is déanaí acusan an Duais Herbert, mórghradam liteartha idirnáisiúnta.

Fág freagra ar 'Páistí na nGaelscoileanna a thabharfaidh an ‘báidín teanga’ slán – Nuala Ní Dhomhnaill'

  • Mairéad

    Ní leor Gaelscoileanna.

    Is cúrsa Gaeilge T1 Ardteiste a theastaíonn chun an “báidín” a choinneáil os cionn uisce.

    Is cosúil anois de bharr dolúbthacht na Roinne Oideachais gur mionlach fíor-chliste sna meán scoileanna LánGhaelacha agus Gaeltachta a leanfaidh an cúrsa nua T1.

  • Pól Ó Braoin

    Cuir caoi ar bhóithre Chonamara, ciall le cúrsaí pleanála tithe do bhunadh na háite, idirlíon ceart ar fáil san áit thiar agus ansin beidh seans ag “báidín” na teanga fanacht ar snámh.

  • Ruth

    Mhol mise dóibh 2 chúrsa a chuir ar fáil ceann simplí ach a bhfuil sprioc cumarsáide ginearálta agus feidhmí aige, do chách agus an dara ceann ar litríocht, ar Ghaeilge labhartha na nGaeltachtaí agus ar ardscileanna scríbhneoireachta is eile, cúrsa ar ardchaighdeán a chaomhnódh an ardleibhéal oideachais a bhíodh ag Gaeil, is a bheadh ar cheann de na hábhair roghnacha, do dhaoine ar nós mé féin a phiocfadh an dara ceann ar mo liosta ábhar don Ardteist. Ní thuigim cén fáth nár éisteadar, gan sin is ceap magaidh a bheidh ann arís.

    I gcóras na bpointí, is beag mac léinn a roghnóch cúrsa níos deacra pointí a bhaint amach ann, ná cúrsa eile, fiú agus suim acu ina nGaeilge.

  • Seosaimhín Ni Bheaglaoich

    Ba léir ná raibh tuiscint dá laighead ag Olivia O’Leary san agallamh san do chroí nâ anam Nuala Rua nâ aon Nuala eile gur ansa léi a teanga dúchais. Cur chuige impiriúil toirtéiseach a bhí aici. Cadnathaobh go gcaithfeadh file a mhíniú gur túisce chúichi a teanga féin chun a mothúchâin agus smaoiní a chur in iúil ná teanga iasachta.
    Croscheistiú a dhein sí uirthi. Ró bhéasach a bhí an bhean uasal thréitheach lei.
    An galar Gaelach.