Tá páirtithe an Tuaiscirt ag triall ar Chaisleán Chromghlinne inniu chun plé a dhéanamh ar phacáiste maoinithe atá á thairiscint mar chuid den iarracht is déanaí an tionól comhroinnte cumhachta a chur ag obair arís.
Maoiniú cúig bliana £2.5 billiún atá á thairiscint ag Rialtas na Breataine chun tacú le filleadh Stormont.
Deir na páirtithe nach leor an maoiniú sin agus rachaidh siad i mbun cainte arís inniu leis an Rúnaí Stáit Chris Heaton-Harris.
D’achainigh Sinn Féin ar cheannaire an DUP gan an “dul chun cinn” a bhí déanta sna cainteanna “a chur amú”.
I litir a chuir Donaldson go dtí baill an pháirtí dúirt sé go raibh sé ag súil go gcuirfeadh Rialtas na Breataine tairiscint ardaithe faoi bhráid na bpáirtithe inniu.
Dúirt ceannaire an DUP nach gcuireann sé as dó gur crochadh póstaeir ar fud an Tuaiscirt ag cáineadh a pháirtí. Teachtaireacht na bpóstaer ná go raibh an DUP ag “géilleadh” agus gur feall a bhí beartaithe acu trí fhilleadh ar Stormont.
Chuir Donaldson i leith an TUV gurb iad a bhí taobh thiar de na póstaeir.
Tá Rialtas na Breataine ag súil go mbeidh toradh ar na cainteanna roimh an lá amárach nuair a rachaidh parlaimint Westminster ar scor don Nollaig. Dá dtiocfaí ar chomhaontú, bheifí ag súil bonn a chur faoi Stormont arís gan mhoill.
Meastar go mbeidh rath na gcainteanna faoi athbhunú Stormont ag brath chomh maith ar chomhaontú a fháil faoi Chreat Windsor agus ceisteanna a bhaineann le cúrsaí trádála idir an Tuaisceart agus an Bhreatain.
Is í agóid an DUP in aghaidh an phrótacail iarBhreatimeachta is cúis leis an tionól agus an feidhmeannas gan a bheith ag obair.
Níl institiúidí comhroinnte cumhachta an Tuaiscirt ag feidhmiú le dhá bhliain anuas mar gheall ar bhaghcat an pháirtí ar Stormont.
Fág freagra ar 'Páirtithe ag triall ar Chaisleán Hillsborough do chainteanna'