Páipéar ‘i bhfad níos réidhe, níos oiriúnaí is níos éasca ná anuraidh’ – a scrúdú Gaeilge déanta ag lucht na Sraithe Sóisearaí

Is cosúil go raibh daltaí agus múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge, scoileanna Gaeltachta agus scoileanna Béarla sásta le páipéir Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí

Páipéar ‘i bhfad níos réidhe, níos oiriúnaí is níos éasca ná anuraidh’ – a scrúdú Gaeilge déanta ag lucht na Sraithe Sóisearaí

Sásta go maith a bhí múinteoirí ar thug a gcuid daltaí faoi scrúdú Gaeilge T1 agus T2 na Sraithe Sóisearaí ar maidin.

Seo an dara bliain as a chéile a raibh an dá scrúdú Gaeilge ann don tSraith Shóisearach – scrúdú T1 do dhaltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus scrúdú T2 do dhaltaí i scoileanna Béarla.

Bhí conspóid mhór ann anuraidh faoi faoin scrúdú Gaeilge T2 agus daoine den tuairim go raibh sé i bhfad ródhúshlánach.

Ach páipéar “an-fhéaráilte” a bhí ag na daltaí a thug faoin pháipéar ardleibhéil i mbliana, dar leis na múinteoirí Gaeilge ar labhair le Tuairisc leo.

Dúirt Gearóid Breathnach, múinteoir Gaeilge i Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh i gContae na Mí go raibh an páipéar “an-fhéaráilte, an-réasúnta agus an-oiriúnach” do dhaltaí i gcomparáid leis an pháipéar anuraidh.

“Páipéar i bhfad níos réasúnta agus níos soléite a bhí ann. Bhí sé i bhfad níos fearr ó thaobh na gceisteanna de, bhí siad ábhartha agus oiriúnach dóibh féin. Bhí an fhoclaíocht soiléir, rud nach raibh anuraidh.

“Ní raibh aon fhadhb leis an gcluastuiscint, bhí an léamhthuiscint go deas, an scríbhneoireacht go breá agus thaitin sé leis na daltaí go raibh rogha idir an t-úrscéal agus an dráma, rud nach raibh anuraidh,” ar sé.

Bhí ailt a foilsíodh ar Tuairisc le léamh ag daltaí a thug faoin scrúdú ardleibhéil agus gnáthleibhéil i scoileanna T1.

Dúirt Mairéad Ni Fhátharta, príomhoide Choláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin, nach raibh aon ‘anró mór” ag baint leis an pháipéar ardleibhéil.

“Bhí an páipéar i bhfad níos réidhe, níos oiriúnaí agus níos éasca ná anuraidh. Páipéar a bhí féaráilte do chuile ghasúr.

“Páipéar deas a bhí ann. Is dóigh gur thóg siad ar bord an éiginnteacht a bhain leis an scrúdú anuraidh. Is í seo an dara bliain ag T1 anois agus b’fhéidir go bhfuil tuiscint níos leithne ag scoileanna T1 ná mar a bhí anuraidh.

“Ní dóigh liom go mbeadh mórán clamhsáin faoi. An t-aon rud a chothaigh dúshlán ná an teanga sa léamhthuiscint. Seans nach raibh sí ag teacht le Gaeilge na Gaeltachta,” a dúirt Ní Fhlátharta.

Cé go raibh múinteoirí sásta faoin pháipéar Gaeilge ardleibhéil, bhí ceist ann faoina oiriúnaí is a bhí an scrúdú do dhaltaí gnáthleibhéil.

Dúirt Gearóid Breathnach go raibh an páipéar gnáthleibhéil níos dúshlánaí ná mar a bhí anuraidh.

“Tá an fhoclaíocht níos casta agus níos dúshlánaí agus is cinnte go raibh cuid de na ceisteanna níos dúshlánaí ná mar a bhí le feiceáil ar an bpáipéar ardleibhéil. Ceapaimse go raibh an páipéar beagáinín ródhúshlánach do dhaltaí gnáthleibhéil,” ar sé.

Dúirt Mairéad Ní Fhlátharta nach raibh “mórán difir idir an páipéar ardleibhéil agus an páipéar gnáthleibhéil T1.

“Níl an bhearna chomh mór idir an dá pháipéar is a bhíodh. Ar bhealach, tá sé ar leibhéal níos airde ná mar a bhíodh an seanpháipéir gnáthleibhéil. Tá siad ag iarraidh go leor ar dhalta a bheadh ag tabhairt faoin ghnáthleibhéal,” ar sí.

Fág freagra ar 'Páipéar ‘i bhfad níos réidhe, níos oiriúnaí is níos éasca ná anuraidh’ – a scrúdú Gaeilge déanta ag lucht na Sraithe Sóisearaí'