Pacáistí a bhfuil amhras ann go raibh buamaí iontu seolta chuig Barack Obama agus Hillary Clinton

Tá fiosrúchán coiriúil uileghabhálach curtha ar bun ag an tSeirbhís Rúnda faoi na heachtraí agus iad ag obair leis na seirbhísí póilíneachta áitiúla agus feidearálacha d’fhonn teacht ar pé duine nó daoine a sheol na trí phacáiste

Pacáistí a bhfuil amhras ann go raibh buamaí iontu seolta chuig Barack Obama agus Hillary Clinton

Cuireadh pacáistí chuig tithe cónaithe Barack Obama agus Hillary Clinton a bhfuil amhras ann go raibh buamaí iontu.

Thug Seirbhís Rúnda Stáit Aontaithe Mheiriceá an méid sin le fios inniu tar éis dóibh teacht ar ghaireas pléascach i mbosca litreach George Soros, an billiúnaí a thugann tacaíocht mhór don pháirtí Daonlathach agus a bhfuil drochmheas ag grúpaí ar an eite dheis air.

Táthar ag fiosrú anois cé acu ar tháinig na trí phacáiste ón duine nó ón dream céanna.

Dúradh i ráiteas ón tSeirbhís Rúnda Stáit gur thángthas ar an bpacáiste a seoladh chuige Hillary Clinton déanach aréir. Thug an FBI le fios gur thángthas ar an bpacáiste gar do theach cónaithe mhuintir Clinton in Chappaqua in Westchester County  ó thuaidh de chathair Nua-Eabhrac.

Go moch maidin inniu a thángthas ar an bpacáiste a seoladh chuig teach cónaithe an iaruachtaráin Barack Obama in Washington.

“Le linn gnáthscrúdú slándála postais aithníodh láithreach go bhféadfadh go raibh gairis phléascacha sna pacáistí agus caitheadh leo mar ba chuí i gcás mar sin. “

“Thángthas ar an dá phacáiste sular seachadadh ceachtar díobh go dtí an áit a bhí mar sheoladh orthu,” a dúradh i ráiteas ón tSeirbhís Rúnda.

Ní fios go fóill cén t-údar a bhí ag an duine nó an dream a chuir na pacáistí sa phost.

Tá fiosrúchán coiriúil uileghabhálach curtha ar bun ag an tSeirbhís Rúnda faoi na heachtraí agus iad ag obair leis na seirbhísí póilíneachta áitiúla agus feidearálacha d’fhonn teacht ar pé duine nó daoine a sheol na trí phacáiste.

Is é a bhí sa phacáiste a seoladh go dtí teach George Soros in Katonah, Westchester County, píopa sé horlaí a bhí lán púdar pléascach. Fuair an Scuad Diúscartha Buamaí réidh leis an bpacáiste trí é a phléascadh.

Tuairiscítear chomh maith gur cuireadh daoine amach as oifigí an chainéil teilifíse CNN in Manhattan nuair a thángthas ar a mhacasamhail de phacáiste a raibh amhras faoi.

I ráiteas a cuireadh amach ón dTeach Bán, dúradh gur údar “déistine” a bhí sna “gníomhartha sceimhlitheoireachta” seo agus go gcuirfí an dlí i bhfeidhm go láidir ar pé dream atá freagrach astu.

Níos luaithe an mhí seo thángthas ar phacásití a seoladh go dtí an Teach Bán agus an Pentagon a raibh amhras fúthu go raibh an nimh ricin iontu.

Fág freagra ar 'Pacáistí a bhfuil amhras ann go raibh buamaí iontu seolta chuig Barack Obama agus Hillary Clinton'