Pá theachtaí Stormont á chiorrú faoi dheireadh, ach cén difear?

Bíonn an ceannaire Arlene Foster go seasta ag rá go dteastaíonn uaithi filleadh ar Stormont. Deacair a shamhlú nach gcloiseann sí an sciotaíl gháire faoi sin…

Pá theachtaí Stormont á chiorrú faoi dheireadh, ach cén difear?

Tá an cheist seo faoi chaibidil le bliain nó níos mó. Is gearr go mbeidh bliain caite ó moladh i scrúdú neamhspleách é. Déanfar an beart faoi dheireadh i gceann míosa agus caillfidh teachtaí tionóil Stormont cuid dá bpá ón 1 Samhain, agus a thuilleadh de i mí Eanáir seo chugainn.

D’fhógair Karen Bradley, Státrúnaí Thuaisceart Éireann dáta na gciorruithe Dé hAoine, tar éis trí ráithe a chaitheamh i mbun machnaimh. Ciorrú 15% a dhéanfar ag tús na Samhna – timpeall £7,500 agus gearrfar £6,000 eile dhá mhí ina dhiaidh sin. San iomlán, mar sin, ísleofar an tuarastal ó £49,500 go £36,000, pá a bheidh fós níos mó ná an meánphá abhus.

Gearrfar costais taistil freisin ach ní ghearrfar pá na n-oibrithe atá fostaithe ag na teachtaí mar nach orthusan ata an milleán as an bpairilis pholaitiúil dar leis an Státrúnaí. Dá ngabhfadh na páirtithe ar ais i mbun oibre sa bhFeidhmeannas, ionas go n-athbhunófaí an tionól gheobhadh na polaiteoirí iomlán a bpá.

Bhí an laghdú á éileamh ag aicmí den phobal le fada agus roinnt den bharúil go gcuirfeadh ciorrú iallach ar pholaiteoirí a dhul ar ais go Stormont. Beag an seans. Ó theip ar iarracht réitigh idir an DUP agus Sinn Féin i mí Feabhra is in olcas atá an caidreamh eatarthu imithe agus tá a thuilleadh fadhbanna cruthaithe ag an nguagacht faoin mBreatimeacht maille le ról an DUP ina leith is iad in aontíos leis na Tóraithe.

Ina theannta sin, tá go leor ag ceistiú céard is fiú riail dhíláraithe i bhfianaise a bhfuil á nochtadh ag fiosrú an RHI faoi mhífheidhmiúlacht an Fheidhmeannais a raibh an DUP agus Sinn Féin i gceannas air. Ní mór a rá go bhfuil roinnt ag iarraidh go gcuirfí Stormont ar ais ar a bhonn, ach an córas a leasú ionas go mbeadh ionadaíocht logánta acu.

Táthar ann a chreideann nach bhfuil aird ag na Tóraithe orthu ná suim acu iontu. Tá daoine eile ann atá corraithe mar nach bhfuil a nglór in aghaidh an Bhreatimeachta, go háirithe in aghaidh an Bhreatimeachta chrua, le clos. Cuir san áireamh freisin daoine sa tseirbhís phoiblí – oibrithe sláinte, póilíní agus go leor eile atá ag fanacht go gceadóidh duine éigin ardú pá mar atá faighte ag a gcomhghleacaithe sa Bhreatain.

Ní léir go fóill an gceadófar na harduithe sin ar phá faoin réimeas nua atá geallta ag an Státrúnaí Bradley. D’fhógair sí an mhí seo caite go rithfidh sí reachtaíocht in Westminster nuair a bheidh comhdháil na dTóraithe thart chun cumhacht a thabhairt don státseirbhís Tuaisceart Éireann a bhainistiú (is dócha go mbeidh sise/rialtas na Breataine de jure i gceannas ach mura dtarlaíonn athrú mór ní dhéanfaidh siad tada gan cead an DUP).

Gheall sí go gcuirfidh sí deireadh leis an tsáinn ina bhfuil an Bord Póilíneachta a fágadh ar an trá fholamh ó thit Stormont i mí Eanáir anuraidh. Go bunúsach beidh an réigiún á reáchtáil faoi chóras nach bhfuil oiread is boladh an daonlathais uaidh.

Ar ndóigh, ní hé gur scothchleachtais an daonlathais a luafá le Stormont de réir na fianaise atá á mealladh ag ceisteanna an Bhreithimh Coghlin agus a fhoireann ar bhinse fiosraithe an RHI, an phraiseach de scéim fuinnimh inathnuaite a bunaíodh gan srianta ar chaiteachas agus ar baineadh mí-úsáid aisti. Ag freagairt ceist faoin drogall a bhí ar lucht an fheidhmeannais gníomhú de réir na treorach a thug vóta tionóil dóibh dúirt Príomhfheidhmeannach an DUP Timothy Johnston, (iarchomhairleoir ag triúr céad-airí ón bpáirtí sin), nár mhian leis na páirtithe go bhfeicfeadh an pobal “oibríochtaí na monarchan ispíní” mar nach ródheas an radharc é. D’admhaigh sé nár ceapadh comhairleoirí de réir an dlí agus go raibh ‘ceannas lárnach’ nó láraithe i bhfeidhm.

Bhí sé soiléir óna chuid cainte gur dhuine an-chumhachtach é sa bhFeidhmeannas. Bhí roinnt den bharúil go raibh sé níos tábhachtaí ná an ceannaire féin, cor thar a bheith suimiúil óir bíonn an ceannaire, Arlene Foster, go seasta ag rá go dteastaíonn uaithi filleadh ar Stormont chun dea-rialachas a athbhunú. Deacair a shamhlú nach gcloiseann sí an sciotaíl gháire faoi sin. Is iontach an rud é bodhaire Uí Laoire.

Fág freagra ar 'Pá theachtaí Stormont á chiorrú faoi dheireadh, ach cén difear?'