‘OUR OWN MUST COME FIRST’ a bhí scríofa ar an bplaiceard. Ní íoróin go dtí é…

Bhí fiche éigin duine i mbun agóide lasmuigh de Linden House i gCill Airne roimh Nollaig le cur i gcoinne pleananna cúigear is leathchéad iarrthóirí tearmainn a lonnú sa tigh

‘OUR OWN MUST COME FIRST’ a bhí scríofa ar an bplaiceard. Ní íoróin go dtí é…

Port coitianta a bhíonn ar bhéalaibh daoine i gCill Airne ná go bhfuiltear ag cur fáilte roimh chuairteoirí ón gcoigríoch ar an mbaile le hos cionn céad go leith bliain. Tháinig banríon Shasana go bruacha Locha Léin in 1861, agus ó shin i leith tá builín déanta ag muintir an bhaile ar thurasóirí, agus tionscadal ollmhór cóiríochta agus eachtraíochta bunaithe ar an mbaile. Ach is cosúil go bhfuil daoine áirithe ar an mbaile ag éirí saghas picí faoi na daoine a bhfuil fáilte á cur rompu ann.

Bhí fiche éigin duine i mbun agóide lasmuigh de Linden House i gCill Airne roimh Nollaig le cur i gcoinne pleananna cúigear is leathchéad iarrthóirí tearmainn a lonnú sa tigh. Bhí plaiceaird ar taispeáint acu, agus OUR OWN MUST COME FIRST scríte orthu i litreacha móra. Bhí an Comhairleoir neamhspleách Dónal Grady ag ceann na hagóide, agus é buartha, a dúirt sé, toisc go raibh na daoine seo á lonnú in aice bunscoile, toisc go raibh géarchéim tithíochta ar an mbaile, agus toisc nach gcuathas i gcomhairle leis an bpobal áitiúil. Tá a ndóthain déanta ag muintir Chill Airne do theifigh agus d’iarrthóirí tearmainn cheana féin, gan a thuilleadh a thógaint anois, a deir sé.

Tuairiscíodh go raibh daoine eile a bhí i mbun agóidíochta feargach toisc cúigear fear is leathchéad a bheith á lonnú i gcomharsanacht scoile. Bhí conach ar dhaoine eile toisc iphones a bheith ag cuid de na fearaibh, agus mar go raibh gal á ól acu, mar nach bhféadfadh gur teifigh chearta iad má bhíodar ábalta a leithéid bheith acu. Bhí an-Bhéarla ag duine eile acu, rud a chuir gomh ar agóidí eile – ní fhéadfadh Béarla a bheith ag iarrthóir tearmainn, de réir dealraimh.

Ba léir gur bhraith an bhuíon bheag daoine seo go raibh bagairt éigin ón leathchéad duine seo a bheith á lonnú i mbaile ina bhfuil ceithre mhíle dhéag go leith duine.

Seanchleas ag an eite dheis é leas a bhaint as buairt nádúrtha an phobail roimh dhaoine atá difriúil leo féin. Bhí an cleas sin ina chnámh droma ag feachtas an Bhreatimeachta – Take our Country Back – agus i bhfeachtas an Uachtaráin Trump – Make America Great Again. Rud amháin is ea mórtas cine, rud atá ionann ar fad agus gan aon díobháil ag baint leis, ach is rud eile ar fad é fearg a ghríosadh i gcoinne cine nó ciníocha eile.

Dá mba rud é gurbh é cur chuige an Rialtais a bhí ag cur tinnis ar lucht na hagóide, seachas na daoine a bhí á lonnú sa tigh, cad ina thaobh gur do dhuine dos na hiarrthóirí tearmainn a tugadh ráiteas, seachas go dtí an Roinn chuí?

Ní hé seo an chéad uair ag an gComhairleoir Grady a bheith ag cur na gcosa beaga uaidh maidir le cúnamh a bheith á chur ar fáil i gCiarraí do theifigh. Nuair a bhí pleananna á ndéanamh in 2015 le cúigear is daichead teifeach a thabhairt chun na Ríochta, bhí an port céanna ag Grady – níor cheart iad a thógaint, an fhaid is a bhí liosta tithíochta sa chontae.

Tá sé seo cloiste go mion minic cheana againn – úsáid fadhb atá ag pobal amháin chun pobal eile a chur ó dhoras, ar nós nach bhfuil sé indéanta tabhairt faoi dhá ghéarchéim a réiteach ag an am céanna. N’fheadar an mó duine díobh siúd a bhí ar an agóid atá gníomhach ag cur seirbhísí ar fáil do dhaoine gan dídean, má tá an fhadhb sin ag cur oiread tinnis orthu?

Baile is ea Cill Airne ina bhfuil an-chuid eachtrannach ag maireachtaint le blianta móra fada. Thug nach mór 30% de muintir an bhaile le fios i ndaonáireamh na bliana 2016 gur de náisiúntacht éigin eile ab ea iad. Tá ról nach beag acu i ngeilleagar an bhaile – tá an comhlacht Gearmánach Liebherr ar cheann de mhórfhostóirí an bhaile agus tá na sluaite eachtrannach ag obair i dtionscal na turasóireachta agus na lónadóireachta.

Ach tá a fhios san ag an gComhairleoir Grady, mar bhí sé ag obair do Liebherr.

Má tá eachtrannaigh maith go leor le jab a thabhairt dó, agus má táid maith go leor le caife a thabhairt dó nó plaic a chur os a chomhair, cad tá mícheart leis na heachtrannaigh áirithe seo? Nach bhfuil speilp maith go leor ar an mbaile chun dul i bhfóirithint ar na daoine seo atá ar an ngannchuid?

Tá sé íorónta go maith go bhfuil an Comhairleoir Grady ag cur i gcoinne eachtrannaigh a bheith ag lonnú i gCiarraí, an tseachtain chéanna agus comhaontú bráithreachais á shíniú idir a Chomhairle Contae féin agus pobal West Springfield, Mass.

Dúradh linn go raibh an comhaontú seo á dhéanamh toisc go bhfuil dlúthcheangal idir Ciarraí agus an ceantar úd i Meiriceá agus na glúinte imirceánach ó Éirinn lonnaithe ansan ó aimsir an ghorta anuas. Ní raibh puinn difríochta idir na teifigh Chiarraíocha úd agus na daoine atá le lonnú i dTigh Linden; go minic, bhíodar san ag teitheadh ó bhochtanas agus ó theirce, ó leatrom, ón gcos ar bolg agus ón bhforéigean.

B’fhéidir gur cheart don Chomhairleoir Grady agus a bhuíon cuimhneamh air sin.

Fág freagra ar '‘OUR OWN MUST COME FIRST’ a bhí scríofa ar an bplaiceard. Ní íoróin go dtí é…'

  • Learraí

    Ana-mhaith ráite.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An phíosa tuairisceoireachta. Maith thú, a Dhaithí.

  • Mise Áine

    @ Ní raibh puinn difríochta idir na teifigh Chiarraíocha úd agus na daoine atá le lonnú i dTigh Linden; go minic, bhíodar san ag teitheadh ó bhochtanas agus ó theirce, ó leatrom, ón gcos ar bolg agus ón bhforéigean.

    Sách ráite!

  • Derry

    100% ceart agat. Ós ard – arís.