Ní bheidh Otharlann Pobail an Chlocháin Léith i nDún na nGall ag glacadh le hothair nua faoi láthair mar gheall ar ráig den bhaictéar CRE a bhí ann cúpla lá ó shin. Tá an cinneadh déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gan glacadh le hothair san ionad ar feadh tamaill.
Tuigtear do Tuairisc.ie nach bhfuil aon mhaith in antaibheathaigh le troid i gcoinne an bhaictéir CRE ach go bhfuil iarrachtaí eile ar bun anois le hé a chloí. Tá tástálacha rialta á ndéanamh san Otharlann. Is aosaigh agus othair fhadtéarmacha is mó a bhíonn faoi chúram na hOtharlainne.
Tá iarrtha ag an Teachta Dála Pearse Doherty ar an Aire Sláinte a chinntiú go gcuirfear gach cuidiú ar fáil d’Otharlann an Chlocháin Léith le fáil réidh leis an mbaictéar a luaithe agus is féidir.
“Caithfear na seirbhísí san otharlann a chosaint agus caithfear a chinntiú nach gcuireann na hathruithe seo isteach ar na hothair san otharlann a fhad is atá an foirgneamh druidte go sealadach,” a dúirt sé.
Táthar ag iarraidh ar chuairteoirí teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann ar an gClochán Liath sula dtiocfaidh siad ar cuairt mar beidh srianta agus dianrialacha glaineachta á gcur i bhfeidhm.
Tá ráite ag FSS go bhféadfadh othair atá istigh san Otharlann faoi láthair a ghabháil abhaile a luaithe agus a bheidh cead dochtúra tugtha dóibh.
Fág freagra ar 'Otharlann Pobail an Chlocháin Léith druidte go ceann tamaill'