Óstán Gaeltachta le fáilte a chur roimh mhuintir na hÚcráine atá ag éalú ón gcogadh

Tá sé fógartha ag úinéirí Óstán Chuan Charna go bhfuil siad chun an 25 seomra san óstán a chur ar fáil ar feadh trí mhí do dhaoine a theith as an Úcráin 

Óstán Gaeltachta le fáilte a chur roimh mhuintir na hÚcráine atá ag éalú ón gcogadh

Tá óstán Gaeltachta le bheith dúnta don phobal ar feadh trí mhí chun lóistín a chur ar fáil do dhaoine ón Úcráin atá ag éalú ón gcogadh sa tír sin.

D’fhógair úinéirí Óstán Chuan Charna go bhfuil siad chun an 25 seomra san óstán a chur ar fáil do dhaoine atá tar éis teitheadh as an Úcráin. Tá an chéad dream le teacht go hIorras Aithneach in iarthar Chonamara an tseachtain seo agus táthar ag súil le 50 duine ar fad, idir mhná agus pháistí.

Thóg Mary agus Karl Rogers ó Bhaile Átha Cliath ceannas ar an óstán in earrach na bliana 2020, díreach roimh thús na paindéime agus cé go bhfuil an gnó fós ag teacht chuige féin ón dúshlán sin, tá beartaithe acu na doirse a oscailt anois do mhuintir na hÚcráine.

Agus í ag labhairt le Tuairisc, dúirt Mary Rogers go raibh siad ag iarraidh a gcuid a dhéanamh chun tacú leosan atá ag éalú ón gcogadh.

“Rinneadh teagmháil linn ceithre nó cúig lá ó shin maidir le lóistín a chur ar fáil agus rinne muid ár machnamh air sin. Ní raibh a fhios againn an mbeadh muid in ann é sin a dhéanamh, ár ngnó atá anseo agus tá muid fós ag tosú amach. Ach smaoinigh muid ansin, dá mbeadh muid in áit na ndaoine seo, bheadh muid ag iarraidh go dtabharfaí cabhair dúinn.”

Deir Mary Rogers go bhfuil cúrsaí ag bogadh ar aghaidh go tapa ó shin agus go mbeadh daoine ag teacht go dtí an t-óstán taobh istigh de chúpla lá.

“Tá siad le teacht inniu nó amárach, níl a fhios s againn go díreach fós.”

Cé nach raibh an t-óstán nach mbeadh an t-óstán chomh gnóthach is a bheadh i lár an tsamhraidh, bhí seomraí curtha in áirithe ag daoine ann. Tá muintir Rogers ag dul i dteagmháil leis na daoine sin faoi láthair chun a rá leo nach mbeifear in ann freastal orthu.

“Tuigeann go leor daoine an scéal. Tá daoine eile nach bhfuil chomh tuisceanach céanna ach sin é an saol.”

Cé gurb iad an Rialtas agus Fáilte Ireland a bhí i dteagmháil leo maidir leis an lóistín a chur ar fáil, deir Mary nach bhfuil sé soiléir go fóill cén tacaíocht a chuirfear ar fáil dóibh as na teifigh a choinneáil. 

Mar sin féin, deir sí go bhfuil sí sásta teacht i gcabhair ar na daoine atá ag teacht.

“Tá 25 seomra codlata againn anseo agus tá muid chun an t-óstán uile a chur ar fáil chun suaimhneas a thabhairt dóibh. Tá súil agam go mbeidh sé go maith don cheantar agus go gcuirfear fáilte rompu.”

Breis is 10 milliún duine atá teite óna mbailte san Úcráin ó thosaigh ionradh na Rúise ar an tír ar an 24 Feabhra.

Fág freagra ar 'Óstán Gaeltachta le fáilte a chur roimh mhuintir na hÚcráine atá ag éalú ón gcogadh'

  • Antóin

    Níl aon amhras ach gur buartha an saol atá ag aon duine atá ag téitheadh ó chogadh agus go bhfuil cineáltacht agus flaithiúlacht na ndaoine i gCarna le moladh.

    Tá súil agam mar sin nach gceapfar gur suarach an mhaise dom ceisteanna a chur ach an eol don rialtas cá rachaidh na daoine tar éis trí mhí? Agus toisc gur dual do ghasúir imeascadh le chéile agus aithne a chur ar a chéile an eol d’aon duine cén tionchar fadtéarmach a bheidh ag an imeascadh sin ar an Ghaeilge sa cheantar?