‘Osclaíonn aon teanga doirse’ – an Gaeilgeoir in Ambasáid na Gearmáine

Labhraíonn ár gcolúnaí le Robert Henneberg, Ceannasaí Cultúir agus Cumarsáide Ambasáid na Gearmáine

‘Osclaíonn aon teanga doirse’ – an Gaeilgeoir in Ambasáid na Gearmáine

Robert Henneberg le Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile Sabina Higgins

I measc na dteachtaireachtaí éagsúla a tháinig isteach chuig Ambasáid na Gearmáine tar éis na dtuilte marfacha thall sa nGearmáin le déanaí, rinneas suntas ar leith de cheann amháin acu.

‘I’m a drainage engineer,’ a dúirt an fear ar an teileafón. ’I’d be happy to fly over to help.’

Bhí luach na mbilliún euro damáiste déanta ag na tuilte uafásacha – daoine maraithe, daoine ar iarraidh, bóithre briste, tithe scriosta, bonneagar millte in iarthar na Gearmáine. Ach rud amháin a chuir áthas ar fhoireann na hAmbasáide anseo, ná an méid teachtaireachtaí dea-mhéine, chomh maith le tairiscintí cabhrach, a tháinig chucu ó mhuintir na hÉireann.

Tháinig bean aosta amháin chomh fada leis an doras i mBaile an Bhóthair, agus rinne iarracht nóta fiche euro a bhrú ar an bhfear slándála ag an Ambasáid.

Bhí mé ag caint le Robert Henneberg, Ceannasaí Cultúir agus Cumarsáide Ambasáid na Gearmáine. Chasamar le chéile ag cóisir a thug an tIar-Ambasadóir, Deike Poetzel agus í ag fágáil Bhaile Átha Cliath. Ach nuair a thosaigh Robert ag caint liom i nGaeilge faoina shuim sa teanga agus sa pheil Ghaelach, shíl mé gurbh fhearr coinne a dhéanamh leis chun tuilleadh a fháil amach faoi, ar ár suaimhneas.

Faoi scáth na deilbhe ‘Three Fates’ i bFaiche Stiabhna a chasamar lena chéile. Bhronn Rialtas na Gearmáine an dealbh agus an fuarán ar mhuintir na hÉireann i 1997 i gcuimhne ar an gcabhair a thug Éire do pháistí ón nGearmáin tar éis an Dara Cogadh Domhanda.

Bhí Robert ina shuí ar bhinse ag fanacht orm agus cóip den leabhar Scéal ar Bith Ón bhFronta Thiar á léamh aige. Tiocfaidh mé ar ais chuige sin.

Ach bhí mé ag iarraidh a fháil amach ar dtús cén fáth gur chuir sé suim sa nGaeilge i bhfad sular ceapadh sa phost seo é.

Bhí sé ina mhac léinn ar scoláireacht Erasmus in éineacht le mic léinn eile i ndeisceart na Fraince sa mbliain 2010. Casadh cailín as Corcaigh air agus bhí sise ag cuartú duine a chuideodh léi barr feabhais a chur ar a cuid Gearmáinise – cineál malartú teanga.

Ach cén teanga a d’fhéadfadh sise a mhúineadh do Robert? Bhí Fraincis agus Béarla ar a thoil aige cheana féin.

‘Bhuel, is í an Ghaeilge an t-aon teanga eile atá agam,’ a dúirt sí, gan mórán muiníne aici.

Ba chuimhin le Robert ansin go bhfaca sé an Ghaeilge ar na fógraí oifigiúla ar fad nuair a thug sé cuairt ar Bhaile Átha Cliath uair amháin. Ach níor chuala sé í á labhairt. ‘Cén sórt teanga í seo,’ a dúirt sé leis féin – ‘an bhfuil sí cosúil leis an Laidin?’

Chinn sé ar an toirt go bhfoghlaimeodh sé Gaeilge ón gcailín as Corcaigh agus go múinfeadh seisean Gearmáinis di. Chrom sé ar an obair agus faoi dheireadh na bliana bhí roinnt mhaith focal agus frásaí aige chomh maith le léamh agus scríobh na Gaeilge.

Nuair a d’fhill sé ar Bheirlín, agus é ag iarraidh leanacht leis an bhfoghlaim, chuaigh sé isteach i gciorcal comhrá Gaeilge le thart ar 20 duine díograiseach eile. Thosaíodar ag teacht le chéile go rialta.

Ansin, bhunaíodar craobh de Chonradh na Gaeilge.

‘Bhuel is Gearmánach mé,’ a deir Robert. ‘Bhí mé ag iarraidh é a chur ar bhonn oifigiúil.’ Ar ndóigh, bhí lucht Sráid Fhearchair lánsásta leis an méid sin. I measc bhaill na craoibhe anois tá daoine ó phobal na Seice, Meiriceánaigh, chomh maith le Gearmánaigh agus Éireannaigh.

Ba sa chiorcal comhrá a chuala sé faoi Chumann Lúthchleas Gael. Tháinig cailín chuige agus d’inis dó faoin ‘gCiarraíoch Craiceáilte’ seo a bhí ag ciceáil liathróide thart ar an bhfaiche in Aerfort (díomhaoin) Templehof, in éineacht le beirt nó triúr eile.

‘Más maith leat, téigh ann agus foghlaimeoidh tú spórt nua,’ a dúirt sí leis.

‘Chuaigh mé ann agus thit mé i ngrá leis an spórt. Bhí an traenáil ar bun i mBéarla – ach bhí sí idirnáisiúnta freisin,’ arsa Robert. Cúigear nó seisear a bhí bainteach leis an gciceáil thart sin i dtosach ach anois tá 80 páirteach ann.

Sea, ar ndóigh bhunaigh siad club oifigiúil de chuid Chumann Lúthchleas Gael – nár inis sé dom gur Gearmánach é? Agus tá Astrálaigh, Gearmánaigh, Albanaigh agus daoine eile as an Eoraip páirteach ann. ‘Is cathair idirnáisiúnta í Beirlín – dá bhrí sin, is club idirnáisiúnta é,’ a mhaíonn Robert.

Agus é tagtha go Baile Átha Cliath mar Cheannasaí Cultúir agus Cumarsáide na hAmbasáide, tá sé anois i mbun taighde ar na clubanna éagsúla CLG sa gcathair go bhfaighidh sé ceann a oirfeas dó. Club cineál réchúiseach nó ‘casual’ atá uaidh, ceann nach mbeidh an iomarca béime ar dhiantraenáil ann. Mar a chonaic mé féin an tseachtain seo caite, is tráthnóna a bhíonn cuid mhaith d’imeachtaí sóisialta agus cultúrtha na hAmbasáide ar siúl agus bheadh sé deacair an dá thrá a fhreastal.

Ach céard a thug air an méid sin ama agus dua a chaitheamh ar theanga a gceapfá nach mbeadh chomh húsáideach sin sa saol taidhleoireachta? Sin ceist a chuirtear air go minic – go háirithe ag Éireannaigh.  Cén úsáid a bhain sé as a chuid Gaeilge nuair a bhí sé ag cur faoi i Loch Garman, mar shampla?

Cuireann sé sampla na Fraincise os mo chomhair. ‘Nuair a fhoghlaimíonn tú an Fhraincis, osclaíonn sé sin doras duit – doras an chultúir, an bia – is í an Fhraincis féin an eochair,’ dar leis.

Mar an gcéanna leis an nGaeilge. Eochair atá inti don doras a osclaíonn ar shaol na filíochta, na n-amhrán, an chomhrá agus na scéalaíochta. ‘Tá siad sin ar fáil domsa anois a bhuíochas don Ghaeilge,’ a deir Robert.

Agus an leabhar a bhí ina ghlaic aige? Aistriúchán ar All is Quiet on the Western Front le Erich Maria Remarque a bhí ann. Chuir an t-aistritheoir Risteard Mac Annraoi chuige é sé mhí ó shin nuair a chuala sé é i mbun agallaimh ar RTÉ RnaG.

Ach idir Covid agus an uile ní eile ní dheachaigh Robert isteach i bhfoirgneamh na hAmbasáide go dtí le gairid. Ansin os a chomhair ar a dheasc nua bhí an leabhar ag fanacht air. Tá sé ag treabhadh tríd ó shin.

Beidh Ambasadóir nua ag tosnú anois go luath; beidh Seansailéir nua sa Ghearmáin tar éis Olltoghchán an Fhómhair; beidh an Ceannasaí Cultúir ag tosnú seisiúin traenála lena chlub nua peile agus tá mé cinnte go gcloisfear é ó am go ham ar Adhmhaidin nó ar Tús Áite.

Agus b’fhéidir go gcloisfimis an scéala is deireanaí uaidh faoin innealtóir draenála.

Fág freagra ar '‘Osclaíonn aon teanga doirse’ – an Gaeilgeoir in Ambasáid na Gearmáine'