‘Oscar’ an céile speárála is déanaí ag ‘Rocky Ros Muc’ agus an scannán Gaeilge ainmnithe do mhórghradaim Hollywood

Is é Rocky Ros Muc an chéad scannán fada faisnéise Gaeilge le háit a bhaint amach ar liosta na n-ainmniúchán do na Oscars

‘Oscar’ an céile speárála is déanaí ag ‘Rocky Ros Muc’ agus an scannán Gaeilge ainmnithe do mhórghradaim Hollywood

Tá an scannán Rocky Ros Muc ainmnithe ar fhadliosta do na gradaim Oscar.

Is é Rocky Ros Muc, a insíonn scéal an iardhornálaí Seán Ó Mainnín, an chéad scannán fada faisnéise Gaeilge riamh le bheith san iomaíocht do na Oscars.

Tá gradaim buaite cheana féin ag Rocky Ros Muc agus d’éirigh leis ag Féile na Scannán Éireannach i mBostún agus ag Fleadh Scannán na Gaillimhe níos luaithe i mbliana. Is é an comhlacht Below the Radar a rinne an scannán atá bunaithe ar an leabhar Rocky Ros Muc le Rónán Mac Con Iomaire.

Taispeánadh an scannán i bpictiúrlanna i Nua-Eabhrac agus i Los Angeles an fómhar seo chun go mbeadh sé san iomaíocht d’áit a fháil ar liosta na n-ainmniúchán do na Oscars.

Ag labhairt di ar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt léiritheoir an scannáin, Máire Bhreathnach, go raibh gach duine bainteach leis an scannán “iontach sásta go deo” leis an scéal.

“Bhí sé aisteach. Bhí alt i Variety Magazine agus bhí scannán s’againne thíos ar an liosta fosta!” a deir sí.

170 scannán atá ainmnithe ar an liosta fada agus roghnófar 15 díobh sin don ghearrliosta mí na Nollag. Gearrfar tuilleadh den liosta roimh na Oscars mí Mhárta seo chugainn agus ní bheidh fágtha san iomaíocht ar an oíche mhór féin ach cúig scannán.

Fiú mura n-éiríonn le Rocky Ros Muc dul níos faide sa phróiseas roghnúcháin, deir Bhreathnach go bhfuil siad go léir thar a bheith bródúil as an aitheantas atá faighte acu cheana féin.

“Fiú gan a bheith ar an ngearrliosta sin, is onóir ollmhór é domsa agus don chomhlacht anseo go bhfuil an scannán agus na Oscars ainmnithe san abairt chéanna fiú.”

Mhol Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, an scannán chomh maith.

“An caighdeán atá bainte amach acu, tá sé dochreidte. An chéad uair go ndeachaigh mé suas go Béal Feirste ó ceapadh mé, chonaic mé an scannán agus bhí mé an-tógtha leis,” a dúirt Alan Esslemont.

Fág freagra ar '‘Oscar’ an céile speárála is déanaí ag ‘Rocky Ros Muc’ agus an scannán Gaeilge ainmnithe do mhórghradaim Hollywood'