Oscailt súl ó thaobh na haeráide an phaindéim, ná dúntar arís iad

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Deis mhór mhillteach atá i mbaol a caillte atá i ngéarchéim an choróinvíris ó thaobh an chath i gcoinne théamh an domhain de

Oscailt súl ó thaobh na haeráide an phaindéim, ná dúntar arís iad

Agus deireadh á chur i gcuid mhaith de thíortha an domhain leis na srianta a cuireadh i bhfeidhm d’fhonn an coróinvíreas a choinneáil faoi smacht, tá saghas mearbhall ar an Saoithín Aeráide.

Le linn na dianghlasála, bhí na sráideanna agus na spéartha nach mór folamh. D’fhill an éanlaith ar thránna tréigthe. Léirigh íomhánna satailíte go raibh an t-aer níos glaine ná mar a bhí le blianta fada anuas.

Is cinnte gur tógadh céimeanna dearfacha in aimsir an choróinvíris sa chath i gcoinne athrú na haeráide. Tá chuile chosúlacht ar an scéal go leanfaidh cuid mhór daoine ar fud an domhain orthu ag obair ón mbaile, fiú agus an dianghlasáil thart.

Ó Vilnias go Milan agus ó Bheirlín go Páras, beidh níos mó spáis feasta ag coisithe agus rothaithe. In Éirinn féin, tá rialtas atá go láidir faoi anáil na fealsúnachta glaise ar na bacáin. San Ostair, mar a bhfuil comhrialtas i gcumhacht ó thús na bliana seo atá fíorchosúil leis an gcomhrialtas nua in Éirinn, tá bac curtha ar aerlínte ticéid eitleáin a dhíol faoi bhun €40 agus lena chois sin gearrfar cáin bhreise €30 feasta ar eitiltí chuig áiteanna laistigh de raon 350 ciliméadar.

Ach ar an láimh eile, tá cúnamh stáit ar fiú na mílte milliún euro é á bhronnadh ag rialtais na Gearmáine, na Fraince, na hÍsiltíre agus tíortha eile ar aerlínte tráchtála (bíodh is go bhfuil dornán coinníollacha timpeallachta i gceist). Agus más aon fhianaise iad na staitisticí as Wuhan agus cathracha eile sa tSín, tháinig ardú mór millteach ar dhíolachán carranna príobháideacha a luaithe is a scaoileadh srianta na dianghlasála ansin.

An é seo é? Cúpla céim dhearfach anseo is ansiúd, ach ar an mórgóir coinneoimid orainn mar a bhí?

Feictear don Saoithín Aeráide gur deis mhór mhillteach atá i mbaol a caillte atá i ngéarchéim an choróinvíris. Léirigh tíortha ar fud an domhain (ceart go leor, d’éirigh níos fearr le cuid acu ná mar a d’éirigh le cuid eile) gur féidir na coscáin a bhrú nuair is gá agus tús áite a thabhairt do shláinte an phobail seachas don eacnamaíocht.

Ná bíodh dallamullóg orainn: baol i bhfad níos mó do shláinte an phobail atá san athrú aeráide ná mar atá sa choróinvíreas.

Oscailt súl a bhí sa ghalar seo dúinn ar fad – rabhadh, má chreideann tú sna rudaí sin, ón dúlra don chine daonna. Ná ligimis na maidí le sruth agus ná fanaimis ar an dara ráig chun na hathruithe radacacha a chur i bhfeidhm a theastóidh chun an pláinéad seo a choinneáil inmharthana.

Fág freagra ar 'Oscailt súl ó thaobh na haeráide an phaindéim, ná dúntar arís iad'

  • Eoghan ONéill

    Cáin ar dhó ola (carrannaí, eitiltí etc.) meatáin CH4 etc. atá de dhíth chun ciste a chur ar fáil chun chuidiú leo siúd a bheas thíos de bhárr athrú aeráide. Ach sa tír seo ní léir dúinn fós mar phobal go bhfuil muid ag milleadh an tsaibhris dúlra agus todhchaí ár ngarpháiste

  • Dónal Ó Béarra

    Alt suimuil firinneach. Tá breosla eitileain saor ó CLB i gcónaí. Mar ghlasach tá déistin orm faoí seo ach is de reir a chéile a thógtar na caislean