‘Oscail do shúile agus cuardaigh sa chóngar – ceacht 2020’

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2020 le roinnt Gael. An geábh seo, tá an t-iriseoir aitheanta Seán Mac an tSíthigh

‘Oscail do shúile agus cuardaigh sa chóngar – ceacht 2020’

1. Céard é an chuimhne is mó atá agat ar 2020? An tsaoirse a bhí ag leanaí an cheantair seo le linn na dianghlasála níos luaithe i mbliana. Bhí an áit chugainn féin arís againn. Bhí sos againn ós na turasóirí, ón dtranglam tráchta agus busanna móra a bhaineann smúit as Bóthar Chinn Sléibhe gach lá. Chuir sé saoirse m’óige féin i gcuimhne dhom. Bhí scóip fés na leanaí agus iad ag spaisteoireacht go neamhspleách, iad ina ríthe beaga ar a bpaiste féin, iad ag faoileáil ar fud an pharóiste ar a gcuid rothar, ag cur aithne ar na comharsain agus ar an dtaobh tíre, ag póirseáil agus ag púcaíl i ngach bóithrín, gleann agus cuas. Bhí cead a gcos acu agus chuireadar a n-aithne féin ar a n-áit dúchais, chothaíodar ceangal agus chnuasaigh cuimhní a sheasóidh leo agus iad ag scaoileadh fén saol mór.

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2020? An síntiús airgid €2.5 milliún a sheol muintir na hÉireann go dtí an Navajo Nation, treibh Indiach atá scriosta ag an víreas corónach i Meiriceá. Deis a bhí ann aitheantas a thabhairt do fhlaithiúlacht an Choctaw Nation, treibh Indiach eile a sheol $170 chun na hÉireann breis agus 170 bliain ó shin mar fhóirithint ar chréatúirí an Ghorta Mhóir. Is dóigh liom go bhfuil smál feirge agus náire fágtha ag an nGorta orainn, smál atá fé cheilt, agus go bhfuil síol maithiúnachais gan péacadh ionainn go fóill. Braithim go gcabhraíonn scéalta mar seo leis an gcneasú anama atá de dhíth orainn féin mar náisiún agus mar dhream daoine. Chaith an scéal seo léas beag solais ar an síol san agus thug aitheantas don méid a d’fhulaing ár sinsir romhainn. Ábhar mórtais ab ea é leis, ná raibh dearúd déanta againn féin ar an lámh chúnta sin a shín dream daoine deoranta chugainn nuair is mó a bhíomar ina ghátar. Clann na seana-mhuintire.

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2020? An ghadaíocht a dhein an víreas ar dheasghnátha an bháis. Dá olcas é an víreas agus an cor díobhálach atá bainte aige as an saol, ba é an diabhal é go gcuir sé bac orainn ár muintir féin a chur i gcré na cille leis an ómós agus meas a bhí ag bhí ag dul dóibh. Cúis mhisnigh, má tá, ab ea na seifteanna éagsúla a cumadh agus sinn ag iarraidh teacht i dtír ar na srianta. Bhí uaisleacht ag baint leis na radharcanna úd a bhí le feiscint i bparóistí ó cheann ceann na tíre, daoine ag seasamh go ciúin ar dhá thaobh an bhóthair agus na mairbh á n-iompar chun na reilige. Thug sé faoiseamh beag éigin do mhuintir na marbh ina mbris agus léiriú cumhachtach ab ea é gur treise ‘pobal’ ná víreas.

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2020? Oscail do shúile agus cuardaigh sa chóngar. Tá gach a bhfuil uainn timpeall orainn. Clann, comharsain, cothú agus áilleacht.

5. Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2020? Ní fear rún mé, seachas aon rún amháin: ná dein nós is ná bris nós, ach más fearr an saol dá bharra, bí ag déanamh agus ag briseadh leat!

Fág freagra ar '‘Oscail do shúile agus cuardaigh sa chóngar – ceacht 2020’'

  • Hanna Loughnane

    Árd-fhear a Sheáin,

    Bainim an-taitneamh as do chuid iriseoireachta i gcónaí. An fileatas agus an saibhreas teanga – nár laga Dia do lámh!