Os cionn milliún duine tagtha chucu féin ón gcoróinvíreas

Tá nach mór 3.3 milliún cás den ghalar deimhnithe sa domhan agus os cionn 234,000 duine atá curtha den saol ag Covid-19 ó thús na paindéime

Os cionn milliún duine tagtha chucu féin ón gcoróinvíreas

Tá os cionn milliún duine ar a laghad tagtha chucu féin i ndiaidh dóibh an coróinvíreas a tholgadh, de réir an áirimh is déanaí ag Ollscoil Johns Hopkins ar líon na gcásanna sa domhan.

Tá nach mór 3.3 milliún cás den ghalar deimhnithe sa domhan agus os cionn 234,000 duine atá curtha den saol ag Covid-19 ó thús na paindéime.

Ní fios cé mhéad duine nár cuireadh tástáil orthu a tholg an galar nó a tháinig chucu féin ina dhiaidh.

Thug an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí le fios an tseachtain seo gur 13,386 den bhreis is 20,000 duine a tholg an galar ó dheas den teorainn a bhí tagtha chucu féin go dtí seo. Sa phobal a tháinig 12,222 acusan chucu féin agus tháinig an 1,164 eile chucu féin san ospidéal.

Tuairiscítear chomh maith inniu go bhfuil sé i gceist ag na húdaráis i gceantar Hubei na Síne leasú a dhéanamh amárach ar an bhfoláireamh éigeandála atá i bhfeidhm ann le roinnt míonna. Athrófar stádas an fholáirimh ón leibhéal is airde go dtí an dara leibhéal is airde sa cheantar inar thosaigh scaipeadh an ghalair ag deireadh na bliana seo caite.

I Meiriceá, dúirt an tUachtarán Donald Trump go raibh fianaise feicthe aige gur i saotharlann in Wuhan, príomhchathair Hubei, a thosaigh an galar.

Dúirt sé an méid sin, in ainneoin  go ndúirt a chuid saineolaithe féin “nach duine a dhein” an galar agus nach galar “géinmhodhnaithe” a bhí ann. Dhiúltaigh Trump aon sonraí a thabhairt i dtaobh a áitimh agus dúirt nach raibh “cead” aige labhairt faoin bhfianaise a mhaígh sé a bhí feicthe aige.

Sa Bhreatain foilsíodh staitisticí nua inniu a léirigh go bhfuil a dhá oiread daoine i gceantair bhochta Shasana agus na Breataine Bige ag fáil bháis de thoradh an ghalair.

Idir an dá linn, tá sé i gceist ag Ryanair fáil réidh le 3,000 post agus pá na foirne acu a laghdú 20%.

Píolótaí agus foireann chábháin is mó a chaillfidh a bpostanna.

Dúradh go mbeadh dhá bhliain “ar a laghad” ann sula mbeadh an t-éileamh ar eitiltí agus praghasanna eitiltí mar a bhí roimh an bpaindéim. Tá sé i gceist ag Aer Lingus fáil réidh le go leor postanna chomh maith.

Fág freagra ar 'Os cionn milliún duine tagtha chucu féin ón gcoróinvíreas'