Os cionn milliún cuairt tugtha ar Tuairisc.ie in 2020

Tháinig ardú 20% in 2020 ar líon na n-úsáideoirí a thug cuairt ar phríomhsheirbhís nuachta na Gaeilge ar líne

Os cionn milliún cuairt tugtha ar Tuairisc.ie in 2020

Ba í 2020 an chéad bhliain ó bunaíodh Tuairisc.ie gur tugadh os cionn milliún cuairt air.

Thug breis is 330,000 úsáideoir cuairt ar Tuairisc.ie i mbliana, an líon is mó léitheoirí a bhí ag príomhsheirbhís nuachta na Gaeilge ar líne ó bunaíodh í in 2014 agus méadú breis is 20% ar líon na léitheoirí in 2019.

Thug na daoine sin os cionn 1.1 milliún cuairt ar an suíomh in 2020 agus d’amharc siad ar 2.5 milliún leathanach le linn na gcuairteanna sin.

5.38 milliún cuairt a tugadh ar an suíomh ó 2014 i leith agus amharcadh ar 12.69 milliún leathanach ar Tuairisc.ie ó tháinig sé ar an saol mí Dheireadh Fómhair na bliana sin.

Dúirt Eagarthóir an tsuímh Seán Tadhg Ó Gairbhí gur léirigh na figiúirí is déanaí go bhfuil Tuairisc.ie ar cheann de na tionscnaimh is tábhachtaí ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Tuilleadh fianaise atá sna figiúirí seo, má tá a leithéid ag teastáil, gur chóir do na húdaráis infheistíocht chóir a dhéanamh sa tseirbhís nuachta, ní hamháin lena chinntiú gur féidir linn an tseirbhís a bhfuil pobal na teanga dulta i dtaithí uirthi a choimeád sa tsiúl ach ionas gur féidir cur leis an tseirbhís sin agus forbairt a dhéanamh uirthi,” arsa Eagarthóir Tuairisc.ie.

Dúirt sé go raibh a bhfuil i ndán don tseirbhís nuachta á phlé faoi láthair ag stiúrthóirí Tuairisc.ie le Foras na Gaeilge, lucht maoinithe an tsuímh.

“Tá súil againn go mbeidh toradh fónta ar an bplé sin, ach idir an dá linn guímid Nollaig shona shlán agus athbhliain faoi mhaise ar ár léitheoirí dílse go léir.”

 

Fág freagra ar 'Os cionn milliún cuairt tugtha ar Tuairisc.ie in 2020'

  • Art

    Treise libh, tá réamhaisnéis na haimsire 5 Lá ag teastáil go mór cosúil lena nuachtáin eile. Beadh an éileamh ar an urlis sin.

  • Galt

    maith sibhse