Os cionn míle cás de Covid-19 deimhnithe anois in Éirinn agus duine eile básaithe

Seisear atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime, ceathrar ó dheas den teorainn agus beirt ó thuaidh di

Os cionn míle cás de Covid-19 deimhnithe anois in Éirinn agus duine eile básaithe

Tá os cionn míle cás de Covid-19 deimhnithe anois in Éirinn agus duine eile básaithe de thoradh an choróinvíris.

1,034 cás atá deimhnithe anois, 906 cás ó dheas den teorainn agus 128 cás ó thuaidh di.

Seisear atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime, ceathrar ó dheas agus beirt ó thuaidh.

121 cás nua a deimhníodh ó dheas inniu agus 20 cás nua a deimhníodh sa Tuaisceart, mar ar cuireadh tástáil ar 2,484 duine don ghalar go dtí seo.

Fear san oirthear atá amach san aois agus a raibh fadhb eile sláinte ag cur as dó chomh maith ab ea an té is déanaí a bhásaigh le Covid-19.

Tá cás de Covid-19 anois sna 26 contae go léir. Ní raibh aon chás deimhnithe i Muineachán roimhe seo. I mBaile Átha Cliath atá os cionn leath de na cásanna.

De réir na hanailíse is déanaí atá curtha amach ag na húdaráis sláinte, scaipeadh i measc an phobail ba chúis le 44% de chásanna. gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus bhain 33% le taisteal thar lear.

Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh an dara duine básaithe de thoradh Covid-19 sa Tuaisceart. Duine amach sna blianta a raibh fadhb eile sláinte aige a bhí sa duine is déanaí a bhásaigh leis an ngalar ó thuaidh.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a thug príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid rabhadh do dhaoine faoin mbrú a thiocfaidh ar an gcóras sláinte de thoradh na géarchéime.

“Sna seachtainí amach romhainn feicfidh daoine ár gcóras sláinte faoi bhrú nach bhfacamar a leithéid riamh cheana agus ba mhaith liom a bheith an-mhacánta faoi sin,” arsa ceannasaí an HSE, Paul Reid.

Dúirt sé gur seachtain “an-mhór” a bheadh sa tseachtain romhainn amach “i stair an chórais sláinte”.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan go raibh líon na dtorthaí dearfacha ar thástálacha do Covid-19 méadaithe ó 1% go dtí 4%. Dúirt sé gur dóigh leis gur dúbailt an méid sin a bheidh ann an tseachtain seo chugainn agus an galar scaipthe níos forleithne sa phobal.

Dúirt an Dr Tony Holohan nach mbeadh aon leisce ar na húdaráis sláinte srianta níos déine a chur i bhfeidhm ar an bpobal sa chás nach mbíonn rath ar na beartais atá tugtha isteach cheana féin amhail an scoitheadh sóisialta.

Bhí tuairiscí go leor ann arís an deireadh seachtaine seo faoi dhaoine a bheith ag cruinniú le chéile in áiteanna áirithe agus gan aon bheann acu ar an scoitheadh sóisialta.

Dúirt ceannasaí an HSE Paul Reid gur meabhrú é líon na mbásanna de thoradh an ghalair san Iodáil do gach duine in Éirinn go raibh go leor contúirte ag baint leis an ngéarchéim anseo.

Tá nach mór 5,500 duine curtha den saol ag an ngalar san Iodáil, an tír is measa ar domhan atá buailte ag Covid-19.

Fógraíodh chomh maith inniu go raibh 40,000 duine ag fanacht ar thástáil do Covid-19. Dúirt ceannasaí an HSE go raibh 40,000 fearas tástála á ndáileadh faoi láthair agus go mbeadh 20,000 eile ar fáil Dé Céadaoin.

Dúradh chomh maith go raibh ag éirí go maith leis an idirbheartaíocht atá bun leis an tSín maidir le 100,000 gléas tástála eile a fháil.

Tá 50 ionad tástála á mbunú anois chun tástáil a dhéanamh sa phobal agus déanfar 4,500 tástáil sa phobal sa lá ón lá amárach.

Táthar chun 10,000 leaba ospidéil breise a chur ar fáil agus tá ospidéil mhachaire le bunú freisin.

Idir an dá linn, tá 15 lá eile, go dtí an 15 Aibreán,  le cur ag Rialtas na Spáinne leis an staid éigeandála sa tír sin. Tháinig méadú 30% le lá anuas le líon na mbásanna de thoradh an víris sa Spáinn. 394 duine eile a fuair bás le Covid-19 sa Spáinn de réir na bhfigiúirí is déanaí agus breis is 1,700 duine atá básaithe sa tír sin de dheasca an ghalair a bhfuil an saol curtha bun os cionn aige ar fud an domhain.

Tuairiscíodh chomh maith inniu go raibh seansailéir na Gearmáine Angela Merkel i gcoraintín ó fuarthas an scéal go raibh an galar tolgtha ag dochtúir a thug vacsaín di le déanaí.

 

Fág freagra ar 'Os cionn míle cás de Covid-19 deimhnithe anois in Éirinn agus duine eile básaithe'