Os cionn €760,000 ceadaithe chun bealaí siúlóide agus rothaíochta Gaeltachta a fhorbairt

Tá maoiniú fógartha chun saoráidí i nGaeltacht Chonamara agus Thír Chonaill a fhorbairt

Os cionn €760,000 ceadaithe chun bealaí siúlóide agus rothaíochta Gaeltachta a fhorbairt

Tá breis is trí cheathrú milliún euro ceadaithe ag an Rialtas chun forbairt a dhéanamh ar bhealaí siúlóide agus rothaíochta i nGaeltacht na Gaillimhe agus Dhún na nGall.

Tá sé fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys go bhfuil maoiniú os cionn €760,000 ceadaithe do dhá thogra caitheamh aimsire Gaeltachta mar chuid de chiste maoinithe €15.5 milliún,

Tá €500,000 ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Bhealach Sheanadh Mhach i Leitir Mucú i gConamara. Tá bealach siúlóide 9 ciliméadar forbartha cheana féin ansin agus deir an tÚdarás go gcaithfear an maoiniú ar an dromchla a fheabhsú agus ar 10 ciliméadar breise a chur leis an mbealach siúlóide/rothaíochta agus an chonair dhúlra.

Fógraíodh freisin maoiniú de €269,681 d’Eispéireas Aillte Shliabh Liag i nDún na Gall. Mar chuid den togra seo déanfar ceithre áit faoi leith ar an gconair sléibhe atá ann cheana féin a chríochnú, a neartú agus a uasghrádú, a deirtear. Is iad Comhairle Contae Dhún na nGall agus an pobal áitiúil príomhghníomhairí an togra le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus geallsealbhóirí eile.

Deir an tÚdarás go dtabharfaidh an t-airgead seo tacaíocht do gheilleagair agus do phobail tuaithe agus go mbeidh ceantair Ghaeltachta ina gceann scríbe ag turasóirí eachtraíochta agus ag muintir na háite.

“Cuirfidh na saoráidí Gaeltachta seo deis ar fáil do phobail áitiúla agus do thurasóirí áilleacht na Gaeltachta a fheiceáil – rud atá tugtha faoi deara níos minice le beagnach dhá bhliain anuas agus daoine ag fanacht níos gaire do bhaile agus iad ar saoire,” a deir Micheál Ó hÉanaigh, Príomfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Os cionn €760,000 ceadaithe chun bealaí siúlóide agus rothaíochta Gaeltachta a fhorbairt'