Os cionn €55 milliún de dhliteanas ar an FAI agus €462,00 d’airgead scoir íoctha le John Delaney

Amhras ar chuntasóirí an chumainn ar féidir leis an FAI feidhmiú mar ghnóthas leantach

Os cionn €55 milliún de dhliteanas ar an FAI agus €462,00 d’airgead scoir íoctha le John Delaney

Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Tá os cionn €55 milliún de dhliteanas ar an FAI agus amhras ar chuntasóirí an chumainn ar féidir leis feidhmiú mar ghnóthas leantach.

Tugadh le fios freisin inniu gur íocadh €462,000, airgead pinsin san áireamh, le hiar-phríomhfheidhmeannach an FAI John Delaney agus é ag scor ón gcumann níos túisce i mbliana.

Foilsíodh cuntais iomlána an FAI don bhliain 2018 inniu agus foilsíodh freisin leaganacha nua de chuntais na mblianta 2017 agus 2016.

Caillteanas €2.9 milliún a bhí i gceist in 2107 seachas brabach €2.8 milliún mar a tuairiscíodh roimhe seo. Brabach €66,000 a rinne an cumann sa bhliain 2016 in áit an €2.344 milliún a maíodh roimhe seo.

Dúirt feidhmeannach de chuid an FAI Paul Cooke agus na cuntais á seoladh go raibh siad imithe chuid mhaith den bhealach le hatheagar a chur ar chóras airgeadais an chumainn ach nach bhféadfaí mionsonraí ar bith a thabhairt faoin atheagar sin faoi láthair.

John Delaney. Pictiúr: Leah Farrell/Rollngnews.ie

Tá an FAI i mbun cainteanna le UEFA agus leis na bainc ó dheireadh 2018 le bonn seasmhach a chuir faoi chúrsaí airgeadas an chumainn.

Tá faoin gcumann morgáiste nua a fháil i leith Staid Aviva, morgáiste a bheidh le híoc idir seo agus 2034.  Tá fiacha reatha os cionn €29 milliún, fiacha Staid Aviva san áireamh, ar an FAI leis na bainc faoi láthair. Deimhníodh inniu freisin gur íocadh thart ar €1.9 milliún d’airgead scoir le Martin O’Neill, Roy Keane agus baill eile d’fhoireann bainistíochta fhoireann sacair na hÉireann nuair a tháinig deireadh lena gceangal leis an FAI.

Dúirt comhlacht cuntasaíochta Deloitte, cuntasóirí an FAI,  cé go raibh roinnt tacaíochta faighte don bhliain 2019 ó UEFA nach raibh dóthain fianaise ann go mbeadh sé ar chumas an chumainn a gcuid fiacha a íoc nuair ba ghá sin a dhéanamh.

Fógraíodh níos túisce an tseachtain seo go raibh príomh-urra an FAI, an comhlacht teileachumarsáide Three chun deireadh a chur lena gcuid urraíochta ar an gcumann.

Fógraíodh inniu go raibh Cathaoirleach an FAI Donal Conway chun seasamh siar ón gcathaoirleacht.

Fág freagra ar 'Os cionn €55 milliún de dhliteanas ar an FAI agus €462,00 d’airgead scoir íoctha le John Delaney'