€400,000 bronnta ar 25 eagraíocht Ghaeltachta le mí anuas. Cá ndeachaigh na deontais?

De réir figiúirí atá curtha ar fáil ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ba ar eagraíochtaí i nGaeltacht na Gaillimhe agus i nGaeltacht Dhún na nGall a bronnadh 85% de dheontais a Roinne le breis agus mí anuas. 0.4% den iomlán a chuaigh go Ciarraí

€400,000 bronnta ar 25 eagraíocht Ghaeltachta le mí anuas. Cá ndeachaigh na deontais?

Tá deontais ar fiú €416,000 san iomlán d’eagraíochtaí Gaeltachta fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ón gcéad lá de mhí na Samhna.

Dáileadh 43% den mhaoiniú ar eagraíochtaí Gaeltachta i gcontae na Gaillimhe. €180,935 san iomlán a bronnadh ar eagraíochtaí sa chontae sin.

Fuair eagraíochtaí i nGaeltacht Dhún na nGall beagnach an méid céanna airgid — €173,419 — rud a fhágann nach bhfuair na cúig cheantar eile Gaeltachta eatarthu ach 15%, nó €61, 646, den airgead a cuireadh ar fáil le breis agus mí anuas.

Bhain €53,200 den airgead sin le dhá dheontas — €25,000 d’Ionad Cultúrtha Bhaile Bhúirne i gCorcaigh agus €28,000 do CLG Thuar Mhic Éadaigh i Maigh Eo.

Deontas amháin a chuaigh go Gaeltacht Chiarraí — €1,800 d’Amharclann na nÓg sa Daingean. Bronnadh dhá dheontas ar eagraíochtaí i nGaeltacht na nDéise —€3,465 ar Choiste Forbartha an tSeanphobail agus €3,317 ar Choláiste na Rinne.

Níor bronnadh aon deontas ar eagraíocht i nGaeltacht Rath Chairn ón gcéad lá de mhí na Samhna. Ba é an deontas ba lú a bronnadh ná an €375 a fógraíodh do Chumann Iascairí Chloich Cheannfhaola i nDún na nGall agus ba sa chontae céanna a bronnadh an deontas ba mhó chomh maith — €88,934 do CLG Naomh Muire in Íochtar na Rosann.


Deontais ó Roinn na Gaeltachta ón 1 Samhain go dtí an 8 Nollaig


Deontas Gaeltachta

Fág freagra ar '€400,000 bronnta ar 25 eagraíocht Ghaeltachta le mí anuas. Cá ndeachaigh na deontais?'