Os cionn €185,000 ceadaithe ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh

Deir Foras na Gaeilge go bhfuil siad ag coinneáil súil ghéar ar an dóigh a bhfuil an ghéarchéim ag dul i bhfeidhm ar earnáil na Gaeilge

Os cionn €185,000 ceadaithe ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh

D’fhógair Foras na Gaeilge inniu go raibh os cionn €185,000 ceadaithe acu d’eagraíochtaí pobail le campaí samhraidh a reáchtáil an samhradh seo.

Ceadaíodh an t-airgead cé gur dócha nach rachaidh an 90 campa samhraidh ar aghaidh i mbliana. Níl an t-airgead íoctha amach fós.

Ag labhairt dó ar Nuacht a hAon ar Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go ndearnadh “an t-ullmhúchán” chun an t-airgead a cheadú sular fhógair Roinn na Gaeltachta go raibh na coláistí samhraidh Gaeltachta curtha ar ceal i mbliana.

“An rud is tábhachtaí is dóigh anois go dtosóidh muid ag labhairt leis na comhpháirtithe, na páirtithe leasmhara mar a déarfá, lucht eagraithe na gcampaí samhraidh le fáil amach cén bealach is éifeachtaí le plé leis sin.”

Dúirt Ó Coinn go raibh moltaí á lorg acu ó lucht eagraithe na gcampaí faoi bhealaí a bhféadfaidís daoine óga a chur i mbun úsáid na Gaeilge san míonna amach romhainn.

“Beidh smaointe go leor ag lucht eagraithe na gcampaí samhraidh faoi bhealaí éagsúla le daoine óga a chur ag úsáid a gcuid Gaeilge le linn na míonna beaga atá amach romhainn,” a dúirt sé.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge go mbeidh siad ag coinneáil “súil ghéar” ar an méid daoine is féidir a thabhairt le chéile i dtreo dheireadh an tsamhraidh agus go raibh “féidearthachtaí go leor” fós ann maidir le cur chun cinn na teanga i réimse na n-óg.

Ceadaíodh €27,000 d’Oireachtas na Gaeilge ag an chruinniú boird, a reáchtáladh ar líne Dé hAoine seo caite, leis an chomórtas do na trí ghradam foilsitheoireachta a eagrú, Gradam Réics Carló dírithe ar leabhair do dhaoine óga, Gradam Uí Shúilleabháin dírithe ar leabhair do dhaoine fásta, agus Gradam de Bhaldraithe le haghaidh aistriúchán. €17,000 ar fad atá sa duaischiste.

I ráiteas a chuir Foras na Gaeilge amach inniu, dúirt Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach an Bhoird, go rabhadar “ag coinneáil súil ghéar” ar an lorg atá á fhágáil ag an phaindéim ar earnáil na Gaeilge.

“Beimid ag coinneáil súil ghéar ar an dóigh a bhfuil an ghéarchéim ag dul i bhfeidhm ar earnáil na Gaeilge go ginearálta, go háirithe ar na heagraíochtaí éagsúla atá ag brath orainn le maireachtáil, agus ag breathnú ar an dóigh a rachaidh sí i bhfeidhm ar na himeachtaí Gaeilge a bhíonn ar siúl de ghnáth sa tsamhradh – campaí samhraidh, féilte agus imeachtaí eile sa phobal,” a dúirt Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir. 

Fág freagra ar 'Os cionn €185,000 ceadaithe ag Foras na Gaeilge do champaí samhraidh'