Os cionn €110,000 ceadaithe do sheirbhísí cúram leanaí Gaeltachta

€111,838 san iomlán ceadaithe d’ocht seirbhís cúram leanaí sa Ghaeltacht

Os cionn €110,000 ceadaithe do sheirbhísí cúram leanaí Gaeltachta

An tAire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne TD le Heather Humphreys. Pictúr: RollingNews.ie

Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne go bhfuil deontais ar fiú €111,838 san iomlán iad ceadaithe d’ocht seirbhís cúram leanaí sa Ghaeltacht.

Dúirt an tAire Kyne go gcuideoidh na deontais leis na seirbhísí luathoideachais sa Ghaeltachta tacaíocht ‘phraiticiúil’ a chur ar fáil do theaghlaigh óga na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil “obair fhiúntach” ar bun “ag an ngréasán naíolann agus naíonraí ó cheann ceann na Gaeltachta ar feadh i bhfad chun cuidiú le teaghlaigh Ghaeltachta a bpáistí a thógáil le Gaeilge”.   

“De thoradh an chúnaimh atá ceadaithe sa chás seo, beidh na seirbhísí luathoideachais atá i gceist  in ann gníomhaíochtaí sa bhreis a reáchtáil – rud a thacaíonn le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne.

Na deontais atá ceadaithe

Fág freagra ar 'Os cionn €110,000 ceadaithe do sheirbhísí cúram leanaí Gaeltachta'