Os cionn €1 milliún fógartha do thograí Gaeltachta i gCiarraí agus i gCorcaigh

Tá maoiniú á cheadú ag an Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail d’Údarás na Gaeltachta do thograí i gCorca Dhuibhne, Múscraí agus Uíbh Rathach

Os cionn €1 milliún fógartha do thograí Gaeltachta i gCiarraí agus i gCorcaigh

Tá breis is €1 milliún ceadaithe ag an Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail d’Údarás na Gaeltachta do thograí i mBaile an Fheirtéaraigh, sa Daingean, i mBaile Bhuirne agus in Uíbh Ráthach.

Baineann €415,000 den mhaoiniú nua do thograí Gaeltachta le hullmhú plean d’athfhorbairt Thigh na mBocht sa Daingean, sean-ospidéal an bhaile.

Tá €292,500 á thabhairt d’Údarás na Gaeltachta chun áiseanna nua pobail, spóirt agus oideachais a dhearadh i mBaile an Fheirtéaraigh, forbairt atá beartaithe ag an Údarás i bpáirt le Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.

Tá €174, 351 le tabhairt don Údarás chun tacú le  plean gnímh thascfórsa Uíbh Ráthaigh a chur i gcrích agus tá €180,000 eile á cheadú chun go ndéanfaí cás eacnamaíochta agus timpeallachta d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Chorcaí.

Fág freagra ar 'Os cionn €1 milliún fógartha do thograí Gaeltachta i gCiarraí agus i gCorcaigh'