Os cionn daichead eagras stáit bunaithe ag an Rialtas a gheall ‘quango cull’

Deir an Teachta Dála, Seán Fleming, urlabhraí Fhianna Fáil ar chúrsaí athchóirithe na hearnálá poiblí, gur léir gur sampla eile a bhí i mbunú na n-eagras nua de ‘gheallúint eile’ nár comhlíonadh

File Photo Irish Water suspects enough water to fill 18 Olympic pools lost daily. Irish Water suspects there are over 30,000 pipe leaks on customer properties. The loss of water is estimated to be 46 million litres every day.01/11/2013. Water meter protest. A water meter pictured as it goes in the ground in the Bramblefields estate in Dublin 15 today where staff at Irish Water faced a protest by the Anti Austerity Alliance. Photo: Laura Hutton/RollingNews.ie
Uisce Éireann, ceann de na heagrais stáit a bhunaigh an Rialtas ó toghadh iad. Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Tá os cionn daichead eagras stáit bunaithe ag an Rialtas ó tháinig siad i gcumhacht, in ainneoin a ngeallúint go gcuirfidís deireadh lena leithéid nuair a toghadh iad.

Tá na heagrais sin bunaithe ag 14 roinn rialtais. Níl Roinn an Taoisigh ná an Roinn Gnóthaí Eachtracha san áireamh sa mhéid sin.

D’iarr an Teachta Dála, Seán Fleming, urlabhraí Fhianna Fáil ar chúrsaí athchóirithe na hearnálá poiblí, eolas ó 14 roinn rialtais i dtaobh na n-eagras atá bunaithe acu ó tháinig ann don Rialtas nua i bhFeabhra 2011.

Ní raibh ach ceathrar airí a dúirt nach bhfuil eagras stáit bunaithe acu sa tréimhse sin.

B’iad sin an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an tAire Cosanta, Simon Coveney; an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys; an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Alex White; agus an tAire Sláinte, Leo Varadkar.

Dúirt na hairí eile ar fad go bhfuil eagrais bunaithe acu. Cónascadh is ea naoi gcinn de na heagrais sin. I gcás fhormhór na ‘quangos’, níl aon chlásal éagtha (‘sunset clause’) luaite leo, is é sin le rá nach bhfuil aon dáta socraithe chun iad a scor.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Teachta Dála Seán Fleming gur léir gur sampla eile a bhí i mbunú na n-eagras nua de ‘gheallúint eile’ nár comhlíonadh agus gurbh fhearr don Rialtas “dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann seachas tuilleadh eagras stáit a bhunú”.

Roimh Olltoghchán 2011, rinne Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre geallúint go gcuirfidís deireadh le go leor eagras stáit mar go mb’fhacthas dóibh gur chur amú airgid iad. Chuaigh Fine Gael chomh fada sin is a rá go gcuirfidís deireadh le 145 eagras mar chuid de ‘quango cull’.

Ansin d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, i Samhain na bliana 2011 plean chun 100 eagras stáit a chur de dhroim seoil nó a nascadh lena chéile.

Fág freagra ar 'Os cionn daichead eagras stáit bunaithe ag an Rialtas a gheall ‘quango cull’'