Os cionn 8,000 cás den choróinvíreas in Éirinn agus 28 duine eile le Covid-19 básaithe

345 duine le Covid-19 atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 263 duine ó dheas den teorainn agus 82 duine ó thuaidh di agus 8,051 cás atá in Éirinn

Os cionn 8,000 cás den choróinvíreas in Éirinn agus 28 duine eile le Covid-19 básaithe

Tá 28 duine eile básaithe ó dheas de bharr na paindéime Covid-19, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

345 duine le Covid-19 atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 263 duine ó dheas den teorainn agus 82 duine ó thuaidh di.

500 cás nua den choróinvíreas a dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna, i gcomparáid le 365 cás inné.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan tráthnóna gur ardú ar líon na dtástálacha atá á ndéanamh ba mhó ba chúis leis an ardú.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, go raibh lorg “an-mhór go deo” á fhágáil ag an scoitheadh sóisialta ar ráta fáis an ghalair, a bhí tite go 9% le cúig lá anuas, i gcomparáid le 30% ag tús na ráige.

Tugadh le fios chomh maith tráthnóna go raibh laghdú suntasach tagtha ar an líon daoine eile a ndéanann othar le Covid-19 ionfhabhtú orthu agus go raibh sé laghdaithe go dtí 1 nach mór.

Ar an 16 Márta tholgadh 4.3 duine eile an galar ó othar amháin ar an meán agus faoi dheireadh na míosa seo caite ní raibh i gceist ach 2.5 duine eile d’othar amháin.

Is ar éigean go bhféadfadh an galar maireachtáil sa phobal dá dtitfeadh an líon daoine eile a ndéanann othar le Covid-19 ionfhabhtú orthu faoi bhun 1, ach fad is go bhfanann sé fiú oiread na fríde os cionn 1 leanfaidh líon na gcásanna nua ag fás “go mall ach go seasta”.

“Táimid ag pointe an-leochaileach agus an-tábhachtach san iarracht dul i ngleic leis an bpaindéim seo,” arsa Philip Nolan.

De réir eolais eile a cuireadh ar fáil tráthnóna, measann saineolaithe na Roinne Sláinte gurbh amhlaidh nach mbeadh an córas sláinte ábalta freastal ar an éileamh a bheadh air inniu mura mbeadh na srianta amhail an scoitheadh sóisialta. D’uireasa na srianta sin bheadh 100,000 cás ann faoi cheann 20 lá.

Mura mbeadh déanta ach na scoileanna a bheith dúnta agus scoitheadh sóisialta bunúsach a bheith tugtha isteach bheadh 60,000 cás ann faoi cheann 40 lá.

8,051 cás atá in Éirinn, 6,574 ó dheas agus 1,477 cás ó thuaidh.

Maidir leis an 263 bás ó dheas:

  • Tharla 187 (72%) acu in ospidéal
  • Tharla 30 (11%) acu in aonaid dianchúraim
  • Bhí fadhbanna sláinte eile ag 214 duine
  • 161 fear agus 102 bean a bhí i gceist
  • 81 an aois mheánach a bhí acu

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 6,444 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Máirt seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 45.4% de na cásanna agus mná iad 53.2%
  • 317 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 1,391 cás leo san iomlán
  • An aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,521 duine,
  • As na daoine sin, cuireadh 230 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim,
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 1,765 cás, 27%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 3,557 cás, nó 55.2%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 472 cás, nó 7.3%
  • 134 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.1%), 125 a bhí i gcontae Chiarraí (1.9%), 125 cás a bhí i nDún na nGall (1.9%), 134 cás a bhí i Maigh Eo (2.1%), 56 cás a bhí i bPort Láirge (0.9%) agus 198 cás a bhí i gcontae na Mí (3.1%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 67% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 24% agus taisteal thar lear ba chúis le 9%

Fógraíodh níos túisce inniu go raibh ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe sa Tuaisceart.

138 cás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh tráthnóna agus cuireadh tástáil ar 843 duine eile ó inné.

Tá tástáil curtha ar 10,203 duine ar fad sa Tuaisceart ó thosaigh an ráig.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin tráthnóna go bhfuil 51,000 duine ag fanacht ar thástáil do Covid-19 ó dheas  agus gur 53,000 tástáil atá déanta go dtí seo. Séanadh ag seisiún eolais na Roinne Sláinte tráthnóna go raibh líon na ndaoine a bhí ag fanacht ar thástáil chomh hard sin.

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Eisíodh na figiúirí nua, tráth a fógraíodh go mbeidh súil ghéar á coinneáil ag na Gardaí agus an PSNI ar dhaoine a bheidh ag taisteal thar teorainn le linn an deireadh seachtaine.

Tá sé ina imní go mbeidh daoine ag sárú na srianta taistil agus eile le linn deireadh seachtaine fada na Cásca.

Tá na húdaráis sa dá dhlínse ag impí ar dhaoine fanacht ag baile agus cloí leis na srianta atá tugtha isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas. 

Beidh Operation Fanacht á chur i bhfeidhm ag an nGarda Síochána le cinntiú go gcloífear leis na rialacha.

Tá ceantair Ghaeltachta i measc na gceantar is mó a bhfuil na húdaráis buartha fúthu.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris inniu gur dóigh go bhfógrófar amárach síneadh ama “roinnt seachtainí eile” leis na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas. 

Thug an tAire le fios chomh maith go gcuirfí daoine ar an eolas amárach faoi céard a d’fhéadfadh tarlú i ndiaidh na chéad tréimhse dianghlasála eile, má bhíonn rath ar na srianta.

Dúirt sé, áfach, gur dóigh go mbeidh an víreas ann ar feadh tamall fada agus go mbeadh ar dhaoine dul i dtaithí air, a saol a chaitheamh agus déileáil leis.

Ní dóigh leis go dtiocfaidh an lá a mbeidh an galar imithe as an tír ar fad mar a bheadh “draíocht” ann.

“Chun a bheith macánta le daoine faoi agus gan aon fhiacail a chur ann, ní bheifear ag cur deireadh amárach leis na srianta atá curtha i bhfeidhm againn. Beidh orainn coinneáil orainn. 

“Gach seans go molfaidh an Fhoireann Náisiúnta Um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí dúinn amárach go leanfaí leis na srianta an-dian,” a dúirt an tAire. 

Dúirt an tAire go rabhthas ag súil léargas a thabhairt do dhaoine amárach ar cad a bhí i ndán dóibh.

“An rud atá súil againn a dhéanamh ná a thaispeáint do dhaoine cén cineál aistir atá rompu. Má choinníonn muid orainn leis seo ar feadh roinnt seachtainí eile, cá bhfágfaidh sé sin muid, cén chuma a bheidh ar chúrsaí má tá ag éirí linn?”.

Tuairiscítear go bhfuil imní ar dhochtúirí in aonaid dianchúraim nach bhfuil an bhuaic sroichte sna hospidéil go fóill maidir le hothair atá an-tinn agus go mbeidh brúisc sa líon othar sna laethanta amach romhainn.

Údar mór imní é seo tráth a bhfuil na haonaid dianchúraim féin nach mór lán.

Boris Johnson. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Idir an dá linn, dúradh i ráiteas ó Shráid Downing tráthnóna go raibh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson bogtha amach as an aonad dianchúraim agus curtha ar ais i ngnáthbharda. Chaith Johnson, a bhfuil an coróinvíreas air, trí oíche in aonad dianhcúraim in Ospidéal St Thomas’ i Londain, mar a raibh sé curtha ar ocsaigin, ach tuairiscítear go bhfuil biseach an-mhór tagtha air. 

De réir na bhfigiúirí is déanaí, 765 duine eile le Covid-19 a bhásaigh in ospidéil Shasana, mar a bhfuil 7,248 duine a bhí buailte ag an ngalar básaithe. 

Bhásaigh 81 duine eile in Albain, mar a bhfuil 447 duine básaithe faoin tráth seo agus 41 bás eile a fógraíodh sa Bhreatain Bheag, áit a bhfuil 286 duine san iomlán básaithe.

Táthar chun síneadh a chur leis an dianghlasáil sa Fhrainc agus sa Bhreatain chomh maith agus ardú ag teacht i gcónaí ar líon na mbásanna sna tíortha sin.

683 bás in aon lá amháin a tuairiscíodh sa Spáinn inniu, i gcomparáid le 757 duine inné. Chomh maith leis sin, tháinig laghdú ar líon na gcásanna nua sa dara tír is measa atá buailte ag an bpaindéim.

Ardú a bhí i gceist le líon na mbásanna san Iodáil, áit a bhfuil an Rialtas i mbun marana faoi shíneadh ama eile a chur leis an dianghlasáil. 4,204 cás nua den ghlar a fógraíodh san Iodáil Déardaoin, i gcomparáid le  3,836 Dé Céadaoin. 610 bás a fógraíodh, i gcomparáid le 542 Dé Céadaoin. 18,279 duine atá curtha den saol san Iodáil ag Covid-19.

Tá os cionn 1.5 milliún cás den choróinvíreas deimnithe sa domhan faoin tráth seo agus nach mór 90,000 duine curtha den saol ag an ngalar.

Tuairiscítear go bhfuil níos mó cásanna Covid-19 i Nua-Eabhrac anois ná in aon tír eile seachas na Stáit Aontaithe féin. De réir an áirimh atá á dhéanamh ag Ollscoil Johns Hopkins ar líon na gcásanna sa domhan os cionn 150,000 cás atá i Nua-Eabhrac anois.

Dúirt an IMF inniu go mbeadh an cúlú eacnamaíochta a leanfadh an phaindéim níos measa ná an Spealadh Mór sna 1930idí. 

“Tá droch-chuma ar chúrsaí do gheilleagair fhorbartha agus iad siúd atá i mbéal forbartha. Níl aon bheann ag an ngéarchéim seo ar aon teorainn. Buailfidh sé gach duine,” arsa Kristalina Georgiev, Stíurthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Fág freagra ar 'Os cionn 8,000 cás den choróinvíreas in Éirinn agus 28 duine eile le Covid-19 básaithe'