Os cionn 7,000 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn agus 288 duine básaithe

Cúigear eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe sa Tuaisceart agus 78 duine ó thuaidh den teorainn curtha den saol ag an ngalar

Os cionn 7,000 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn agus 288 duine básaithe

Tá cúigear eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.

288 duine atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 78 duine ó thuaidh den teorainn agus 210 ó dheas di.

7,048 cás den choróinvíreas atá deimhnithe anois in Éirinn, 5,709 cás ó dheas agus 1,339 ó thuaidh.

84 cás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh tráthnóna agus cuireadh tástáil ar 406 duine eile ó inné.

Tá tástáil curtha ar 9,564 duine ar fad sa Tuaisceart ó thosaigh an ráig. 42,484 tástáil don choróinvíreas atá déanta ó dheas go dtí seo.

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil an dá rialtas ag impí ar dhaoine fanacht ag baile deireadh seachtaine na Cásca agus cloí leis na srianta atá tugtha isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.

Shínigh Rialtas na hÉireann agus Rialtas Thuaisceart Éireann meabhrán tuisceana inné chun cur leis an gcomhoibriú maidir leis an gcoróinvíreas. 

36 bás eile a d’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna inné, seachtar ban déag agus naonúr fear déag a bhí i gceist.

San oirthear a bhí 27 duine de na daoine a bhásaigh, bhí seisear i dtuaisceart na tíre agus i ndeisceart na tíre a bhí an triúr eile. In iarthar na tíre a bhí an duine eile. Bhí fadhbanna sláinte eile ag 24 duine acu. Ba í an aois mheánach ná 81.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 5,593 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 46.4% de na cásanna agus mná iad 52.7%
  • 270 braisle cásanna a bhí i gceist ar bhain 989 cás leo san iomlán
  • An aois mheánach a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,345 duine
  • As na daoine sin, cuireadh 194 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 1,388 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 3,061 cás, nó 54.7%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 421 cás, nó 7.5%
  • 128 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.3%), 117 a bhí i gcontae Chiarraí (2.1%), 104 cás a bhí i nDún na nGall (2%), 126 cás a bhí i Maigh Eo (3%), 49 cás a bhí i bPort Láirge (0.9%) agus 168 cás a bhí i gcontae na Mí (3%)

Fág freagra ar 'Os cionn 7,000 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn agus 288 duine básaithe'