Os cionn 60% ag ceathrar as gach cúigear a rinne an Ghaeilge ardleibhéil

Cé go raibh athrú mór ar Ardteist na bliana níor tháinig aon athrú ar an scéala gurb í an Ghaeilge an croí-ábhar is éasca le torthaí maithe a bhaint amach ann

Os cionn 60% ag ceathrar as gach cúigear a rinne an Ghaeilge ardleibhéil

Bhí an Ghaeilge i measc na n-ábhar ba mhó inar shaothraigh daoine na gráid is airde in Ardteist na bliana seo.

Fuair ceathrar as gach cúigear dalta Ardteiste 60% nó níos mó i scrúdú ardleibhéil na Gaeilge in 2020– an bunriachtanas a theastaíonn sa Ghaeilge chun cáiliú do na coláistí oiliúna múinteoireachta.

29% de dhaltaí a fuair ceann den dá ghrád is airde, H1 nó H2, sa Ghaeilge i gcomparáid le 17.5% don Bhéarla agus 23.5% i gcás na matamaitice.

Fuair 81% ceann de na ceithre ghrád is airde sa Ghaeilge ag an ardleibhéal, i gcomparáid le 69% in 2019.

Fuair 71% de dhaltaí ceann de na ceithre ghrád is airde i scrúdú ardleibhéil an Bhéarla i mbliana agus 68% a rinne amhlaidh sa Mhatamaitic.

Bronnadh an grád is airde H1 ar 9.1% den 24,704 dalta a rinne Gaeilge ag an ardleibhéal. B’ionann sin agus ardú 49% ar chéatadán na ndaoine a fuair H1 anuraidh.

Thart ar 2,200 dalta a fuair H1 sa Ghaeilge i mbliana i gcomparáid le thart ar 1,400 anuraidh.

Ardú 43% a tháinig ar chéatadán na ndaoine a fuair H1 sa Bhéarla i gcomparáid le torthaí na bliana seo caite agus ardú 31% a bhí i gceist leis an Matamaitic.

Mar sin, cé go raibh athrú mór ar Ardteist na bliana seo i gcomparáid le blianta eile agus í bunaithe ar ghráid mheasta agus córas caighdeánaithe, níor tháinig aon athrú ar an scéala gurb í an Ghaeilge an croí-ábhar is éasca le torthaí maithe a bhaint amach ann.

Fuair breis is 60,000 dalta a dtorthaí Ardteiste inniu agus b’airde torthaí rang na bliana 2020 ná aon dream eile a chuaigh rompu.

D’fhág an córas nua marcála a tugadh isteacht i mbliana de dheasca na paindéime Covid-19 go raibh torthaí na bliana seo 4.4 pointe céatadáin níos airde ar an meán ná mar a bhí anuraidh.

Gaeilge (Ardleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2020 24704 9.1 19.7 27.1 24.6 13.8 4.8 0.7 0.2
2019 23176 6.1 17.7 22.3 23.0 18.2 9.5 2.8 0.4
2018 22400 4.9 18.1 23.2 23.6 18.4 9.5 2.1 0.3
Gaeilge (Gnáthleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2020 1461 5.8 17.7 25.5 23.1 16.0 10.3 0.5 1.1
2019 2834 1.9 11.8 19.9 24.5 20.9 12.0 6.2 2.9
2018 2912 1.3 9.9 19.3 25.2 21.9 12.7 6.4 3.3
Gaeilge (Bonnleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2020 23550 1.9 8.7 19.4 26.3 23.3 15.4 3.6 1.5
2019 22323 0.3 5.2 18.6 26.2 25.0 15.7 6.3 2.7
2018 21439 0.3 5.2 19.0 28.1 24.6 14.7 5.6 2.5

Fág freagra ar 'Os cionn 60% ag ceathrar as gach cúigear a rinne an Ghaeilge ardleibhéil'