Tá os cionn 4,000 tvuít seolta faoin haischlib #TrasnaNadTonnta ó cuireadh tús inné leis an bhfeachtas a bhfuil faoi daoine ar fud an domhain a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar Twitter.
Bhí an Taoiseach Leo Varadkar ar na daoine ba thúisce a chuir tvuít amach mar chuid den fheachtas a bheidh ar siúl go dtí Dé hAoine.
Do na hÉireannaigh ar fad atá #TrasnaNadTonnta, guím gach rath oraibh don bhliain amach romhainn, bliain speisialta don teanga, Bliain na Gaeilge @gaeilge2018 https://t.co/6VQp059OMe
— Leo Varadkar (@campaignforleo) 22 Eanáir 2018
Ar na daoine eile atá ag glacadh páirte sa bhfeachtas a bhfuil sé mar aidhm aige a chruthú gur teanga dhomhanda í an Ghaeilge, tá Ambasadaóir na hÉireann i Stáit Aontaithe Mheiriceá, Dan Mulhall.
27 as 50 stáit ag tvuíteáil as Gaeilge. Cad mar gheall ar an 23 eile?
Tweets in Irish yesterday from 27 US States. Let’s see the other 23 doing the same! https://t.co/DtaB8wYV6s— Daniel Mulhall (@DanMulhall) 23 Eanáir 2018
Tá tvuíteanna curtha amach cheana féin ag daoine in os cionn 50 tír, ach táthar ag fanacht go foighneach go fóill ar tvuíteanna ó thíortha áirithe, an Ghraonlainn ina measc.
Cuireann sé isteach go mór orm go bhfuil an Ghraonlainn chomh feckin ollmhór sin… Níl ach 50,000 duine ann ach caithfidh gur féidir linn teacht ar dhuine éigean le #TrasnaNadTonnta a tvuíteáil???
Anybody know anyone Irish living in #Greenland #Grønland with a bitta #Gaeilge? pic.twitter.com/Awmd8pofIF— Aodhán Ó Deá (@aodhanodea) 23 Eanáir 2018
Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada a chuir tús leis an bhfeachtas ‘Trasna na dTonnta’ agus tá Conradh na Gaeilge agus an Coimisiún Fulbright ag tacú leis chomh maith.
Dúirt Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge, go raibh borradh faoi úsáid na Gaeilge ar líne.
“Seo ceann de na chéad fheachtais de chuid Bhliain na Gaeilge agus é an-ábhartha gur feachtas ar líne atá ann. Tá beocht faoi leith ag an nGaeilge ar líne agus táimid ag súil leis sin a chur chun cinn le linn na Bliana leis an haischlib #Gaeilge2018. “Is féile idirnáisiúnta í Bliain na Gaeilge, agus tugann Trasna na dTonnta deis dóibh siúd atá thar sáile páirt lárnach a ghlacadh in imeachtaí na féile,” a dúirt Síomha Ní Ruairc.
Fág freagra ar 'Os cionn 4,000 tvuít as Gaeilge seolta ‘trasna na dtonnta’ ó 50 tír, ach cá bhfuil muintir na Graonlainne!'