Os cionn 40 comhlacht poiblí gan aon dualgas teanga orthu toisc moill 10 mbliana ar sceideal Achta

Ceist na moille ar uasdátú an sceidil á breithniú faoi láthair ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne agus súil aige cinneadh a dhéanamh ‘go luath’

Os cionn 40 comhlacht poiblí gan aon dualgas teanga orthu toisc moill 10 mbliana ar sceideal Achta

Tá os cionn dhá scór comhlacht poiblí ann nach bhfuil dualgas reachtúil teanga orthu toisc nach bhfuil uasdátú déanta le deich mbliana anuas ar sceideal Acht na dTeangacha Oifigiúla.

I measc na gcomhlachtaí sin nach bhfuil aon dualgas teanga orthu, tá an tÚdarás Um Shábháilteacht ar Bhóithre atá deich mbliana ar an bhfód an mhí seo.

De réir eolas atá faighte ag Tuairisc.ie, tá os cionn 40 comhlacht poiblí ann nach bhfuil aon dualgas teanga de réir an dlí orthu toisc gur bunaíodh iad i ndiaidh do Roinn na Gaeltachta uasdátú a dhéanamh go deireanach ar sceideal an Acht Teanga i mí Bealtaine 2006.

Thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go raibh ceist na moille ar uasdátú an sceidil á breithniú faoi láthair ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne agus súil aige cinneadh a dhéanamh “go luath”.

“Tá uasdátú déanta ar na comhlachtaí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla mar chuid de Bhille na dTeangacha Oifigiúla atá dréachtaithe.

“Mar nach bhfuil an Bille foilsithe go fóill, tá an cheist maidir leis an sceideal a leasú trí rialachán a dhéanfadh an tAire Stáit á breithniú faoi láthair agus táthar ag súil cinneadh ina leith a dhéanamh go luath,” a dúirt an t-urlabhraí.

I measc na gcomhlachtaí poiblí eile atá ag feidhmiú gan aon dualgas reáchtúil teanga a bheith orthu, tá Uisce Éireann, an Chomhairle Múinteoireachta, Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, Ireland Tourism agus Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Coimisinéir Teanga  Rónán Ó Domhnaill gur cheart uasdátú a dhéanamh láithreach ar liosta na gcomhlachtaí a thagann faoi scáth an Achta.

“Tá práinn mhór ag baint leis an scéal seo agus níor cheart go dteastódh aon reachtaíocht nua chun é a dhéanamh,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Tugadh le fios i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2015, a foilsíodh i Meitheamh na bliana seo, go ndearnadh 116 gearán anuraidh le hOifig an Choimisinéara Teanga a bhain le comhlachtaí nach dtagann faoi scáth na reachtaíochta.

Bhain formhór mór na ngearán sin le comhlachtaí poiblí a cuireadh ar bun ón uair a ndearnadh an nuashonrú is déanaí ar sceideal na gcomhlachtaí 10 mbliana ó shin.

Bhain 33 gearán den 116 gearán sin le hUisce Éireann, bhain 23 gearán leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, bhain ceithre ghearán leis an tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán agus bhain dhá ghearán leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Ní raibh sé ar chumas Oifig an Choimisinéara Teanga na gearáin seo  a fhiosrú de bharr nár tháinig na comhlachtaí poiblí seo faoi scáth na reachtaíochta.

Deir an Coimisinéir gur furasta leigheas a fháil ar an bhfadhb seo ach gach comhlacht poiblí nua a thabhairt “go huathoibríoch faoi scáth na reachtaíochta, mar a tharlaíonn i gcás reachtaíocht eile”.

Bhí nuashonrú uathoibríoch sceideal na gcomhlachtaí san áireamh i gceannteidil Bhille leasaithe Acht na dTeangacha Oifigiúla a foilsíodh anuraidh.

Cuireadh tús leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí na Samhna 2011 agus foilsíodh ceannteidil na reachtaíochta nua i mí Aibreáin 2015. Mhol coiste Oireachtais a d’ullmhaigh tuarascáil faoin dréachtreachtaíocht sin go ndéanfaí 34 leasú ar 13 ceannteideal an Bhille. Nuair a foilsíodh an dréachtreachtaíocht, dúirt an Coimisinéir Teanga gur beag a bhí inti a neartódh cearta teanga an tsaoránaigh.

Fág freagra ar 'Os cionn 40 comhlacht poiblí gan aon dualgas teanga orthu toisc moill 10 mbliana ar sceideal Achta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    A Chomhairle Múinteoireachta!! Sin ceann maith!

    Ba mhaith liom an liosta iomlán seo a fheiceáil.

    Agus caidé fa na comhlachtaí príobháideacha seo atá faoi cheadúnas ag na comhairlí contae – macasamhail iad siúd a bhíonn ag tógáil ár gcuid bruscar? Tá comhlachtái mar seo ag feidhmiú go hiomlán tré Bhéarla sa Ghaeltacht agus ní dhéarfainn go bhfuil ceann ar bith acu ag feidhmiú go dátheangach taobh den Ghaeltacht – cá dtig siadsan sa reachtaíocht?

  • AnRógaire

    Ní thagann comhluchtaí príobháideacha faoin Acht. Níl aon stádas ag an ngaeilge chomh fada is a bhaineann sé le comhluchtaí nach comhluchtaí stáit iad. Tá lánchead acu béarla a bhrú orainn gan faitíos.

  • Mícheál Ó Doibhilín

    Ar an liosta seo is cóir go mbéadh an Heritage Council – nil oiread is focal Gaeilge á núsáid acu ar a suíomh gréasáin. Is cuma fén dlí – tá said in ainm a bheith ag caomhnú ár gcultúr agus oidhreacht – is í an Gaeilge an bun-chloch de sin ar fad. Scríobhas chucu fé seo, agus d’fhreagair said nach bhfuil go leor airgead acu le seo a dhéanamh! Is ionann san agus a rá gur fear leo a gcuid airgead a chaitheamh ar rudaí eile seachacs ár dteanga ársa féin.
    Mo Naire leo go deo