Os cionn 200 téarma cartlainne Gaeilge curtha i mbunachar idirnáisiúnta

D’oibrigh OÉ Gaillimh, Cartlann Náisiúnta na hÉireann (NAI) agus an Coiste Téarmaíochta le chéile chun na téarmaí a aistriú ar mhaithe lena dhéanamh níos éasca ábhar a chartlannú i nGaeilge

Os cionn 200 téarma cartlainne Gaeilge curtha i mbunachar idirnáisiúnta

Tá os cionn 200 téarma cartlainne i nGaeilge curtha i mbunachar idirnáisiúnta le 24 teanga eile.

Tá cúpla bliain caite ag OÉ Gaillimh, Cartlann Náisiúnta na hÉireann (NAI) agus an Coiste Téarmaíochta ag obair le chéile chun téarmaí a aistriú ar mhaithe lena dhéanamh níos éasca ábhar a chartlannú i nGaeilge.

Cuireadh an obair sin i gcrích níos luaithe i mbliana agus anois tá na téarmaí curtha le bunachar Téarmaíochta Cartlainne Ilteangaí de chuid Chomhairle Idirnáisiúnta um Chartlanna. Fágann an obair seo go mbeidh duine in ann téarma a chuardach i dteanga amháin agus go dtabharfar an leagan cruinn i dteanga eile dóibh.

Chuir Niamh Ní Charra ó OÉ Gaillimh tús leis an tionscadal anuraidh agus é tugtha faoi deara aici go raibh easpa sa Ghaeilge ó thaobh téarmaíocht oifigiúil na cartlannaíochta.

Is i mbun cartlannaíochta ar bhailiúchán Chonradh na Gaeilge in OÉ Gaillimh a bhí Ní Charra nuair a tháinig an t-easnamh sin chun solais. D’uireasa téarmaí oifigiúla i nGaeilge i roinnt cásanna, bhí téarmaí difriúla in úsáid ag aistritheoirí áirithe.

“Ar cheann de na gnéithe tábhachtacha de ghairm na cartlainne agus bailiúchán á chatalógú tá leanúnachas na teanga a úsáidtear,” a dúirt Ní Charra i mblag a scríobh sí faoin obair.

Tar éis di dul i dteagmháil leis an NAI, fuair Ní Charra amach nach raibh téarmaíocht chartlannaíonchta oifigiúil ar fáil i nGaeilge agus go raibh liostaí cartlainne á n-aistriú ar bhonn ad hoc.

Shocraigh Ní Charra agus oifigeach Gaeilge an NAI, Niamh McDonnell, dul i dteagmháil leis an gCoiste Téarmaíochta agus aithníodh go raibh gá le téarmaíocht chartlannaíochta oifigiúil a chur ar fáil i nGaeilge.

“Is teanga álainn shaibhir í an Ghaeilge agus bíonn níos mó ná bealach amháin ann i gcónaí chun rud a aistriú, ach má tá téarma á úsáid, tá sé tábhachtach cloí le leagan amháin, agus d’uireasa téarmaí oifigiúla sa Ghaeilge, ní raibh sé sin indéanta. Tháinig fadhbanna chun cinn in áiteanna eile ina raibh an bhrí shonrach mar a bhain le comhthéacs na cartlainne á cailleadh.

“Sampla maith ab ea an focal “caomhnú” a chiallaíonn “preservation” nó “conservation”. Tá an t-idirdhealú sin an-tábhachtach i saol na cartlainne, agus tá soiléiriú againn anois ar na téarmaí i nGaeilge agus “caomhnú” a chiallaíonn “conservation” go sonrach agus “buanchoimeád” a chiallaíonn “preservation”.

Tá na téarmaí curtha ar fáil saor in aisce ar líne agus súil ann go n-úsáidfear iad ionas go mbeidh bailiúcháin Ghaeilge níos inrochtana do chainteoirí dúchais agus go gcuirfear cainteoirí dúchais san áireamh iontu.

Fág freagra ar 'Os cionn 200 téarma cartlainne Gaeilge curtha i mbunachar idirnáisiúnta'