Os cionn 1,500 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn ó thús na ráige

Ní dóigh le Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan go gcuirfear comhairle ar an Rialtas Dé hAoine na srianta dianghlasála a scaoileadh

Os cionn 1,500 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn ó thús na ráige

Ní dóigh le Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte Tony Holohan go mbeidh na saineolaithe ag cur comhairle ar an Rialtas Dé hAoine na srianta dianghlasála a scaoileadh.

Dúirt an Dr Holohan an méid sin tráthnóna agus bás 31 duine eile a raibh Covid-19 orthu á fhógairt aige. Dheimhnigh sé chomh maith go raibh an dara duine idir 15-24 bliain d’aois básaithe de thoradh an ghalair.

Dúirt sé dá mba inniu a bhí cinneadh le déanamh maidir leis na srianta dianghlasála go mbeifí ag moladh gan na srianta a scaoileadh agus nach bhfeictear dó go dtiocfaidh “aon athrú suntasach” air sin as seo go dtí Dé hAoine.

Dúirt sé go gcoinneofaí súil ar an scéal as seo go ceann roinnt laethanta.

Fógraíodh inniu gur bhásaigh 40 duine eile de thoradh na paindéime in Éirinn.

Tuairiscíodh níos luaithe gur naonúr duine eile le Covid-19 a bhásaigh sa Tuaisceart.

1,528 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,190 duine ó dheas den teorainn agus 338 duine ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna go raibh 376 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, rud a fhágann go bhfuil 23,716 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn, 20,253 cás ó dheas agus 3,463 cás ó thuaidh.

Tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 338 ó tharla gur daoine a fhaigheann bás sna hospidéil amháin a chuirtear san áireamh den chuid is mó sna figiúirí laethúla.

Foilsíodh na torthaí is déanaí tráth a bhfuil plé ar siúl maidir le straitéis éalaithe na hÉireann.

Dúirt an Dr Holohan arís tráthnóna go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir le scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois ach go gcaithfí coinneáil leis an iarracht a bhí ar siúl.

Dúirt sé arís go raibh na figiúirí maidir le líon na gcásanna nua den ghalar sa phobal agus na figiúirí maidir le líon na ndaoine a bhfuil an galar orthu a bhfuiltear ag déileáil leo sa chóras sláinte fós níos airde ná mar a bhí i gcuid de na tíortha atá tosaithe ar na beartais dianghlasála a scaoileadh.

Luaigh sé go háirithe cás na dtithe altranais agus na n-ionad cúraim eile.

Baineann 59% de líon iomlán na mbásanna le tithe altranais agus ionaid chúraim eile.

Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar níos túisce inniu nach raibh an líon othar a bhí á gcur isteach in aonaid dianchúraim, líon na gcásanna nua ná an méid daoine a bhí ag fáil bháis de bharr Covid-19 “sách maith fós” le tús a chur le maolú na srianta dianghlasála.

“Ní dóigh go mbeinn as cor a rá nach bhfuil na figiúirí sin sách maith fós. B’fhéidir go mbeadh feabhas suntasach ar an scéal faoin Aoine, ach mar atá cúrsaí faoi láthair ní dóigh liom go bhfuil muid ansin go fóill,” arsa an Taoiseach.

Dúirt Varadkar chomh maith go bhféadfadh go n-iarrfaí ar dhaoine a n-aghaidh a chlúdach in áiteanna ina bhfuil na treoirlínte maidir leis an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm, amhail an córas iompar poiblí nó spásanna poiblí laistigh.

Thug sé le fios go bhféadfadh go mbeadh an chomhairle nua seo á tabhairt faoi dheireadh na seachtaine seo.

Dúirt Varadkar nach raibh na heolaithe ar aon intinn fós faoi thairbhe na mascanna go fóill, ach gurb é an nós a bhí ann anois ar fud an domhain iarraidh ar dhaoine ceann a chaitheamh.

Dúirt sé go raibh súil aige a bheith in ann plean a chur ar fáil go luath faoin tslí a ndéanfar na srianta a mhaolú.

“Tá súil againn a bheith ábalta an straitéis atá againn leis an dianghlasáil a scaoileadh a roinnt le muintir na tíre laistigh de chúpla lá, nó go cinnte ag an deireadh seachtaine. Beidh comhairle nua á cur orainn ag an bPríomh-Oifigeach Leighis ar an Aoine maidir le cén uair ba cheart dúinn tús a chur leis an bpróiseas chun an eacnamaíocht agus an tír a oscailt arís,” arsa an Taoiseach.

Dúirt sé gur thuig sé go raibh daoine “mífhoighneach bailithe” faoin tráth seo.

Dar leis an Ollamh Sam McConkey, saineolaí ar ghalair thógálacha i gColáiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, gur dóigh leis féin go ndéanfadh sé leas do mhuintir na tíre seo dá scaoilfí de bheagán cuid de na srianta.

D’fhéadfaí cead a thabhairt do dhaoine dul amach agus a bheith slán sábháilte ach cloí leis an scoitheadh sóisialta, a dúirt sé.

Dúirt an tOllamh Sam McConkey inniu gur beag riosca a bhí ann agus go raibh sé réasúnta sábháilte ag leanaí agus daoine atá os cionn 70 bliain d’aois dul amach taobh amuigh ag obair nó ag spraoi chomh fada agus a gcoinníonn daoine amach óna chéile agus go gcaitheann siad mascanna.

Dúirt McConkey nach féidir ráig eile den choróinvíreas a sheachaint agus go gcaithfear a bheith ábalta an galar a aithint taobh istigh de chúpla uair an chloig ionas gur féidir fáil amach cé air a bhfuil sé agus an duine sin agus a theagmhálaithe a leithlisiú ionas nach leanfaidh sé air ag scaipeadh.

Idir an dá linn, dúirt Ollamh le Víreolaíocht Mhóilíneach in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste gur “cur chuige uile-oileáin” an bealach is fearr le scaipeadh Covid-19 sa phobal a cheansú ach a maolófar na srianta.

Ag labhairt dó ar Morning Ireland, dúirt an tOllamh Ultan Power má bhíonn an cur chuige céanna sa dá dhlínse ar an oileán seo i gcás daoine a thiocfaidh isteach ann nach ligfear isteach an galar in athuair.

Dúirt an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair go raibh slí bheatha thart ar leath de na hoibrithe ar fud na cruinne i mbaol de bharr na paindéime.

Is ionann sin agus 1.5 billiún duine ar fad.

Tá Covid-19 tolgtha ag breis is 3.2 milliún duine ar fud an domhain agus beagnach 220,000 duine curtha den saol aige.

Tá milliún duine sna Stáit Aontaithe a bhfuil sé deimhnithe go bhfuil an galar orthu, sin le rá gur ann atá an tríú cuid de na cásanna ar fad sa domhan.

Is mó Meiriceánach, 58,000, atá maraithe ag Covid-19 anois i Meiriceá ná a fuair bás i gcogadh Vítneam.

Fág freagra ar 'Os cionn 1,500 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn ó thús na ráige'