Os cionn 1,500 cás den choróinvíreas anois in Éirinn agus duine eile básaithe

Dháréag a bhí buailte ag Covid-19 atá básaithe in Éirinn, seachtar ó dheas den teorainn agus cúigear ó thuaidh di

Os cionn 1,500 cás den choróinvíreas anois in Éirinn agus duine eile básaithe

1,501 cás den choróinvíreas atá deimhnithe anois in Éirinn, 1,329 ó dheas den teorainn agus 172 ó thuaidh di. 

Deimhníodh 204 cás nua anocht agus thug an Roinn Sláinte le fios go raibh duine eile básaithe ó dheas. Fear in oithear na tíre a raibh fadhb eile sláinte aige a bhí sa duine is déanaí a bhásaigh de bharr an ghalair.

Deimhníodh 24 cás eile ó thuaidh tráthnóna. 2,989 tástáil atá déanta sa Tuaisceart agus nach mór 18,000 tástáil a bhí déanta ó dheas faoi mheán oíche aréir.

Dháréag a bhí buailte ag Covid-19 atá básaithe in Éirinn, seachtar ó dheas den teorainn agus cúigear ó thuaidh di.

Maidir leis an anailís is déanaí ar na cásanna ó dheas:

  • Fir a bhí i gceist le 55% de na cásanna agus mná iad 44%
  • Bhí 44 braisle i gceist ar bhain 243 cás leo
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 45 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 277 duine, nó 29%
  • As na daoine sin, cuireadh 36 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 247 cás, nó 26%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 535 cás, nó 55%, agus bhí  Corcaigh sa dara háit, le 123 cás, nó 12%
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 47% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus taisteal thar lear ba chúis le 31%

Bhí Ruth Burke, 82, ar dhuine den bheirt is déanaí a bhí buailte ag an ngalar ó thuaidh a bhásaigh. Cailleadh aréir í in Ospidéal Cheantar Aontroma. Ní raibh ar a cumas an galar a chloí, a dúirt a muintir a bhí ag iarraidh go dtabharfaí amach a hainm.

Ruth Burke, a cailleadh de bharr Covid-19, agus a hiníon Brenda

“Nílim ag iarraidh go mbeadh mo mháthair ina staitistic, ba dhuine láidir í,” a dúirt Brenda Doherty, iníon Ruth Burke, agus í faoi agallamh ag an BBC.

Dúirt sí go raibh sí cráite nach raibh sí ábalta a máthair a fheiceáil sa chónra ná póg a thabhairt di le “slán a fhágáil aici”.

I bhfíseán a chuir sí amach ar Facebook, d’iarr Brenda Doherty ar dhaoine “ciall a bheith acu” agus cloí leis an gcomhairle maidir leis an tsláinte phoiblí.

Tá iarrtha ag an Taoiseach ar dhaoine fanacht ag baile má fhéadann siad chor ar bith é agus srianta nua fógartha ag an Rialtas chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19. Dúirt sé nach bhféadfaidh daoine an baile a fhágáil ach le dul ag obair, más gá sin, le dul ag siopadóireacht d’earraí atá riachtanach nó le ruainne aclaíochta a dhéanamh.

Dúirt sé nár chóir aon chuairt a thabhairt ar thithe daoine eile ná a bheith in aon ghrúpa sóisialta ina mbeidh níos mó ná ceathrar.

Caithfidh gach ionad miondíola nach ndíolann earraí atá riachtanach dúnadh agus ní bheidh cead ag aon bhialann ná caifé ach bia tabhair leat a chur ar fáil.

Na siopaí a bheidh ar oscailt caithfidh siad srian a choinneáil ar an líon custaiméirí ionas go gcloífear le rialacha  an scoite sóisialta nó fisiciúil.

Dúnfaidh gach amharclann, club agus gruaigeadóir chomh maith agus coinneoidh óstáin srian chomh maith agus is féidir leo ar an líon aíonna.

Dúirt an Taoiseach chomh maith nár chóir d’aon duine a bheith ag taisteal taobh istigh ná taobh amuigh d’Éirinn mura bhfuil fíorghá go deo leis. Cuirfear cosc ar thuras ar aon chrúslong a raibh fúithi teacht go hÉirinn.

Tá síneadh ama go dtí an 19 Aibreán curtha leis na srianta atá i bhfeidhm cheana féin.

“Creidimid gur gá dúinn níos mó a dhéanamh chun an cuar a chothromú. Ba chóir do dhaoine fanacht ag an mbaile más féidir in aon chor – seo an bealach is fearr le moill a chur le scaipeadh an víris,” a dúirt an Taoiseach.

Dúirt an Taoiseach go bhfuil súil aige go bhfágfaidh comhar na gcomharsan nach mbeidh gá le beartais dhiana thiarnúla chun a chinntiú go bhfuil daoine ag cloí leis na treoracha maidir leis an scoitheadh sóisialta.

D’fhógair sé chomh maith go mbeadh ospidéil phríobháideacha an stáit “ina n-ospidéil phoiblí go bunúsach” fad is a mhairfidh an ghéarchéim. Chuirfeadh na hospidéil phríobháideacha a gcuid áiseanna agus seirbhísí ar fáil saor in aisce agus chaithfí mar a chéile le hothair phríobháideacha agus othair phoiblí, arsa an Taoiseach.

Tá Liúntas Dífhostaíochta an Rialtais Phaindéim Covid-19 do dhaoine a chaill a gcuid oibre de bharr an víris le hardú ó €203 go €350 sa tseachtain..

Beidh daoine a bhí féinfhostaithe agus atá díomhaoin de bharr na haicíde i dteideal an liúntais seo chomh maith céanna.

Cheadaigh an Rialtas chomh maith go maoineodh an Rialtas scéim fóirdheontais faoina n-íocfadh an Rialtas 70% de thuarastal oibrithe suas go dtí €410 glan sa tseachtain. Is ionann sin agus €40,000 d’ioncam ag oibrí tar éis cánach.

Reáchtálfar an scéim seo ar feadh 12 seachtain ar dtús agus beidh cead a gcinn ag fostóirí airgead breise a chur leis más mian leo.

Tá an scéim seo ann le freastal ar na comhlachtaí sin atá buailte ag an gcúlú eacnamaíochta atá tarlaithe de bharr an choróinvíris.

Aon chomhlacht ar mian leis leas a bhaint as an scéim seo caithfidh 25% dá ghnó a bheith caillte aige agus fadhbanna airgeadais a bheith aige.

Idir an dá linn, os cionn 400,000 cás de Covid-19 atá deimhnithe ar fud an domhain, de réir an áirimh atá á dhéanmah ag líon na gcásanna ag Ollscoil Johns Hopkins.

Breis is 18,000 duine atá básaithe de thoradh an ghalair a bhfuil an saol curtha bunoscionn aige ar fud an domhain.

Nach mór 105,000 duine a bhí buailte ag an ngalar atá tagtha chucu féin ar fad de réir na bhfigiúirí is déanaí.

Tá 743 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe san Iodáil, ardú mór eile i ndiaidh do mheath teacht ar líon na mbásanna dhá lá i ndiaidh a chéile

San Iodáil an líon is airde marbh, 6,820 duine, agus bhíothas dóchasach go raibh an dianghlasáil náisiúnta anois ag imirt tionchair ar an ráta sin. Léas dóchais éigin é áfach go bhfuil líon na gcásanna nua de Covid-19 ag titim, más go mall féin é.

Is í an Spáinn an dara tír is measa faoi léigear an ghalair san Eoraip. Fuair 514 duine bás in imeacht aon lae amháin sa tír sin, rud a chiallaíonn go bhfuil 2,696 duine marbh sa tír de bharr an víris. Mhéadaigh líon na gcásanna ó 33,089 go 39,673.

Idir an dá linn, thiocfadh dó gurb iad Stáit Aontaithe Mheiriceá eipealár nua na paindéime domhanda, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO). Thug siad le fios go raibh borradh mór faoi líon na gcásanna ansin bíodh is go raibh an tUachtarán Donald Trump ag caint aréir ar “athoscailt” na tíre “go luath”.

Tháinig 85 faoin gcéad de na cásanna nua ón Eoraip agus ó na Stáit Aontaithe le ceithre huaire is fiche anuas. Is óna Stáit Aontaithe a tháinig 40 faoin gcéad de na cásanna sin.

Nuair a fiafraíodh d’urlabhraí WHO, Margaret Harris, arbh amhlaidh go mbeadh na Stáit ina n-eipealár nua, dúirt sí le hiriseoirí go raibh “an fhéidearthacht sin ann”.

Ordaíodh do thuairim is 1.7 billiún duine ar fud na cruinne fanacht sa bhaile agus rialtais ag cur dianbhearta i bhfeidhm. Mar sin féin, dúradh leis na milliúin duine a bhfuil cónaí orthu i gcúige Hubei, lárcheantar ráig na Síne, go mbeadh cead taistil acu ó mheán oíche  – ach amháin ag muintir chathair Wuhan.

Tugann údaráis na Síne le fios go bhfuil an ráig faoi smacht acu den chuid is mó. Tuairiscíonn siad gur as baile isteach a tháinig cásanna nua an víris agus gur beag in aon chor cás nua a bhí acu sa bhaile le roinnt laethanta.

D’fhógair príomh-aire na Seapáine, Shinzo Abe, inniu go raibh an Coiste Oilimpeach Idirnáisiúnta toilteanach Cluichí Oilimpeacha Thóiceo a chur ar an mhéar fhada go 2021. Beidh na cluichí ar siúl an samhradh seo chugainn ach tabharfar Cluichí Thóiceo 2020 orthu go fóill.

 

Fág freagra ar 'Os cionn 1,500 cás den choróinvíreas anois in Éirinn agus duine eile básaithe'