Os cionn 100,000 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn ó thús na paindéime

Deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir leis an víreas a chur faoi chois

Os cionn 100,000 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn ó thús na paindéime

Tá laghdú eile tagtha ar líon na gcásanna nua den Covid-19 sa stát ó dheas agus níos lú ná míle cás a deimhníodh ag an deireadh seachtaine, 552 cás inné agus 416 cás Dé Sathairn.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte ag an deireadh seachtaine go raibh ochtar eile a raibh an galar orthu básaithe.

101,118 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn ó thús na paindéime, 62,002 cás ó dheas agus 39,116 ó thuaidh.

2,631 duine a raibh an galar orthu atá básaithe in Éirinn go nuige seo, 1,915 duine ó dheas den teorainn agus 716 duine ó thuaidh di.

Tá ráta atáirgthe an ghalair anois gar do 1.0 agus tá laghdú leanúnach tagtha ar ráta tolgtha an ghalair, an céatadán de dhaoine a mbíonn toradh dearfach ar an tástáil a fhaigheann siad don Covid-19.

330 othar a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 47 acusan sna haonaid dianchúraim.

361 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 48 díobh atá in ICU.

685 cás eile a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inné agus ochtar eile a raibh an galar orthu básaithe.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go raibh dul chun cinn á dhéanamh maidir leis an víreas a chur faoi chois.

San Eoraip go léir, níl laghdú tagtha ar ráta seacht lá an ghalair ach amháin in Éirinn agus i dtrí thír eile.

Dúirt Cathaoirleach NPHET, an Dr Cillian de Gascún gur dócha gurb iad na srianta Leibhéal 3 ba chúis leis an laghdú ar líon na gcásanna ach gur theastaigh na srianta Leibhéal 5 chun líon na gcásanna a laghdú a thuilleadh.

Mhaígh NPHET an mhí seo caite go mbeadh idir 1,800-2,500 cás in aghaidh an lae ann faoin tráth seo mura dtabharfaí na srianta Leibhéal 5 isteach.

Maidir leis an 552 cás nua a fógraíodh inné, bhain 86 acu le Corcaigh, 30 cás a bhí i nDún na nGall, 12 cás a bhí i gCiarraí, naoi gcás a bhí i Maigh Eo agus seacht gcás a bhí sa Ghaillimh. Bhain níos lú ná cúig cinn de na cásanna is déanaí le Port Láirge.

Fág freagra ar 'Os cionn 100,000 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn ó thús na paindéime'